Bhí scaireanna ag Eoin Hayes i gcomhlacht a bhfuil dlúthbhaint acu le cinedhíothú na Palaistíne, dhíol sé iad agus é ar tí suíochán dála a bhaint amach, agus anois is mar neamhspleách a bheas sé ag tabhairt faoin ghairm úr seo. D’inis sé bréaga do na meáin agus dá pháirtí polaitiúil faoi thráth díolta na scaireanna agus cuireadh ar fionraí é ó na Daonlathaithe Sóisialta dá bharr.
Polaiteoir ag iarraidh smál na fírinne a sheachaint, iontas n-iontas. B’fhéidir gurbh é an chuid ab iontaí den scéal ná go ndearna na Daonlathaithe Sóisialta gníomh ina leith nuair ba léir nach dtiocfadh Hayes slán as. Ach ní raibh i scéal Hayes ach tús na ndeacrachtaí a bheas acu agus iad anois i lár báire chúrsaí polaitíochta parlaiminteacha na hÉireann.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!