‘Éire ag seasamh go láidir ar a cosa féin’: bunú Raidió Éireann 1926

An Dr. Kerron Ó Luain

Bunaíodh Raidió Éireann (ar a dtugtar Raidió Teilifís Éireann sa lá atá inniu ann) go hoifigiúil ar an 1 Eanáir 1926. Ba chéim mhór chun tosaigh é i stair chraolacháin na hÉireann. Ba é an chéad seirbhís craolacháin phoiblí oifigiúil in Éirinn é. Anuas air sin, ba shiombail a bhunú den tábhacht a bhain leis an raidió mar mheán cumarsáide agus mar ghléas tógála stáit i luathbhlianta an tSaorstáit.

An cheád craola ó 2RN i 1926 á oscailt ag Douglas De hÍde – Íomha ó Cartlann RTÉ

Go luath i ndiaidh bhunú an tSaorstáit, d’aithin an rialtas tábhacht an raidió chun aontacht chultúrtha agus pholaitiúil a chothú. Chonacthas an tseirbhís mar bhealach chun féiniúlacht náisiúnta a fhorbairt agus chun cultúr agus teanga na hÉireann a chur chun cinn. Míníonn Caoimhghin Ó Croidheáin an bunús idé-eolaíochta a bhí le hiarrachtaí an stáit i leith na Gaeilge an tráth seo. Díríodh an mhian a bhí ann d’athrú sóisialta (athdháileadh talún, cearta oibrithe srl) isteach in athruithe a bhain leis an gcultúr – an ‘Gaelú’ a rinneadh ar an gcóras oideachais, mar shampla. Baineadh leas as an nGaeilge agus na meáin nua cosúil le Raidió Éireann, arsa Ó Croidheáin, ‘mar ghléas chun an stát a chomhdhlúthú’, tráth a raibh bagairt ann go fóill ó phoblachtaigh a chreid nach raibh dlisteanacht ag an Saorstát.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!