Tá dialann nua i nGaeilge ar fáil do pháistí anois, Mo Leabhairín Beag Féin, ag cruthú suaimhnis agus síochána sa bhaile agus ar scoil.
Tabharfaidh an Leabhairín Beag seo deis do pháiste aireachas a chleachtadh le linn an lae, gan rud ollmhór a dhéanamh as. Tá go leor cleachtais éagsúla sna laethanaigh idir phíosaí machnamhacha le déanamh agus le léamh, leathanaigh le dathú isteach, cleachtais éagsúla anála agus neart eile.
Cabhraíonn aireachas leat mothú níos sona, níos síochánta agus níos sásta. Le cleachtadh rialta, bíonn sé níos éasca ar pháistí díriú isteach ar a n-obair scoile agus bíonn sé níos éasca dóibh fíricí a fhoghlaim. Má tá imní nó buaireamh ort agus más féidir leat cúpla anáil dhomhain, mhall a thógáil, mothóidh tú níos fearr. Cuirfidh an dialann seo i gcuimhne do do pháiste aireachas a chleachtadh, agus ciallaíonn sin má tá siad ag mothú faoi strus nó go bhfuil imní orthu, tá níos mó seans go gcuimhneoidh siad ar na cleachtais éagsúla a chabhróidh leo mothú níos fearr.
Ar gach leathanach den dialann tá spás ann duit an dáta a scríobh, tá cleachtadh aireachais le déanamh agat agus tá cleachtadh aireachais le scríobh agat. Roinnt laethanta, iarrtar ort dul taobh amuigh agus dath airithe a aimsiú, laethanta eile moltar duit labhairt le daoine atá timpeall ort agus a fháil amach faoi rudaí maithe a rinne siad nó atá ina saol. Tá an dialann seo feiliúnach don seomra ranga nó don bhaile agus más féidir leat é a dhéanamh go leanúnach, mothóidh tú níos mó sonais, síochána agus suimhnis i do shaol. Tá sé ar fáil in Charlie Byrne’s i nGaillimh, siopa Chló-Iar Chonnachta ar an Spidéal nó ón suíomh Solas Relaxation. Tá sé feiliúnach do pháistí agus daoine fásta atá ag iarraidh bealaí nua a fhoghlaim le mothú níos síochánta agus suaimhnigh. Má tá do pháiste in ann léamh agus scríobh beidh siad in ann é a dhéanamh leo féin, nó mura bhfuil léamh nó scríobh acu go fóill, beidh siad in ann na cleachtais a dhéanamh le cabhair uait.