Deireadh seachtaine na mBan

Clúichí Ceannais i bPeil na mBan agus sa Chamógaíocht i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn agus De Domhnaigh

Cóilín Duffy

Peil na mBan

Cluiche Cheannais Sinsear: Dé Sathairn (5:00 i.n.)
Beo: TG4/Seinnteoir TG4
Cill Choirín Cluain Bheirn (Gaillimh) v Chill Mochuda na gCrócaigh (Átha Cliath)

Sa chluiche ceannais sinsir beidh curaidh na bliana seo caite, Cill Choirín-Cluain Bheirn (Gaillimh) in aghaidh na n-imreoirí nua Cill Mochuda na Crócaigh. Chas na foirne seo i gcluiche leathcheannais na hÉireann an séasúr seo caite. Beidh club na Gaillimhe ag súil le ceithre chraobh as a chéile a bhaint agus beidh a gcuid iomaitheoirí ó Átha Cliath ag díriú ar a gcéad cheann. Tá go leor imreoirí idirchontae ar an dá fhoireann, agus tar éis feachtais iontacha an séasúr seo, táthar ag súil le cluiche ceannais an-iomaíoch.

Bhí bua 2-11 in aghaidh 1-9 ag Cill Choirín Cluain Bheirn ar Chlann Éireann.

D’aimsigh Niamh Cotter 2-4 agus bua 5-11 in aghaidh 1-5 ag Cill Mochuda ar ar Oileán Chiarraí Deasmhumhan.

Cluiche Cheannais Idirmheanach: Dé Sathairn (3:00 i.n.)
Beo: TG4/Seinnteoir TG4
Binn a Choire/Tigh an Ríleáin (Ceatharlach) v Eanach Dhúin (Gaillimh)

Ag an leibhéal idirmheánach, beidh Binn a Choire/Tigh an Ríleáin ar an gceád chlub riamh as Ceathalach a ghlacfaidh páirt i gcluiche ceannais pheil na mban i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.