Tá údaráis áitiúla Átha Cliath ag ceiliúradh na gceannairí óga atá ag athbheochan na Gaeilge ina bpobail tríd an gclár Todhchaí Geal Gaelach.
Le 12 seachtaine anuas, tá 16 déagóir ó fud fad Átha Cliath ag forbairt tograí nuálacha atá deartha chun Gaeilge a thabhairt amach as an seomra ranga agus isteach i saol laethúil. Tá an clár á chomhordú ag Gaeilge365 i gcomhpháirtíocht le hÓgras agus á thacú ag údaráis áitiúla Átha Cliath. Tugann sé os cionn 100 uair an chloig de mheantóireacht agus de thraenáil do rannpháirtithe chun iad a chumasú mar nuálaithe agus mar cheannródaithe ina bpobail.
An Dúshlán
Meastar de réir sonraí Daonáirimh go bhfuil 45,000 déagóir i mBaile Átha Cliath a bhfuil Gaeilge mhaith nó an-mhaith acu. Ach deir saineolaithe nach mbíonn ach níos lú ná 200 acu ábalta an Ghaeilge a úsáid go rialta i gclubanna óige, i bhfoirne spóirt, nó i spásanna pobail eile. Tugann Todhchaí Geal Ghaelach dúshlán do na ceannairí óga seo chun na deiseanna sin – dóibh féin agus dá bpobail – a chruthú.
Tionscadail Nuálacha á dTaispeáint
Ar an gCéadaoin, an 11ú Nollaig, bhí deis ag na rannpháirtithe a dtionscadail a thaispeáint, lena n-áirítear:
- Doirse Isteach: Grúpa spraoi i dTamhlacht a thugann an Ghaeilge isteach do pháistí atá nuatagtha go hÉirinn trí spraoi agus cruthaitheacht.
- Céim ar Chéim: Dianchúrsa CLG trí Ghaeilge, ag cabhrú le déagóirí filleadh ar spórt le foirne lán-Ghaeilge.
- Saoirse: Sraith ceolchoirmeacha ag nascadh lucht éisteachta óga le ceol comhaimseartha trí Ghaeilge.
- Turas X: Sraith thurais go suíomhanna rúnda i mBaile Átha Cliath, ar fad trí Ghaeilge.
Guthanna an Chláir
Chuir Daithí de Buitléir, Bainisteoir an Chláir Gaeilge365, béim ar an ngá le gníomh:
“Le blianta fada anuas, dúradh go raibh fadhb na Gaeilge san fhoghlaim. Ach do na mílte déagóir ar fud Bhaile Átha Cliath, tá an teanga acu cheana féin—ní gá dóibh ach áit éigin chun í a úsáid. Mura bhfuil na deiseanna ann, caithfidh duine éigin iad a chruthú. Is é an teachtaireacht atá againn do dhaoine óga ná simplí—cén fáth nach tusa?”
Mhol Páidí Dáibhís ó Ógras na rannpháirtithe:
“Creidimid in Ógras i mbua na cruthaitheachta agus na fuinnimh i ndaoine óga a scaoileadh saor. Tá na déagóirí seo tar éis a thaispeáint cad is féidir a dhéanamh nuair a chumasaítear iad le bheith i gceannas.”
Roinn Ellen Ní Bhróin, comhbhunaitheoir Doirse Isteach, a paisean:
“Tá rud éigin draíochtúil ag baint le páistí atá nuatagtha go hÉirinn a fheiceáil ag fáil amach faoi Ghaeilge den chéad uair. Tríd an spraoi, nílimid ag múineadh teanga amháin—táimid ag tógáil nasc agus ag taispeáint saibhris chultúr na hÉireann dóibh.”
Ceiliúradh ar an Todhchaí
Déanaigí dearmad ar an seomra ranga—tá na ceannairí óga seo ag léiriú gur leis an bPáirc imeartha, an radharc ceoil, agus an chathair uile í an Ghaeilge.