Bus Átha Cliath

A Eagarthóir, a chara,

Tuige nach dtéann Bus Bhaile Átha Cliath chomh fada le Nás na Ríogh, na Solláin, an Chill, Baile Eoin, an Chorrchoill, ná Claonadh? 

Tá an Chill níos lú ná cúig chiliméadar ó theorainn Bhaile Átha Cliath agus tá crobhaing de cheantair uirbeacha mórthimpeall uirthi a bhfuil daonra breis is 60,000 ann.

Mar ábhar comparáide, téann Bus Bhaile Átha Cliath thart ar 20 ciliméadar isteach thar theorainn Chill Mhantáin, go Má Nuad, Cill Droichid, Léim an Bhradáin, agus áiteacha eile díreach lastuaidh de cheantar an Náis i gCill Dara, chomh maith le Baile Coimín, atá níos lú ná Nás na Ríogh agus thart ar an achar céanna ón gcathair, soir ó dheas ón Nás, thuas i measc na sléibhte gan mórán lonnaíochtaí eile mórthimpeall air.

Ós rud é go dtéann busanna Bhaile Átha Cliath go háiteacha éagsúla ar fud mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, is ait an rud é nach bhfuil seirbhís ar bith i slisín amháin den mhórcheantar sin, atá díreach thar an teorainn, a bhfuil daonra mór ann, agus a bhfuil mótarbhealach trí lána á nascadh leis an gcathair, agus faighim an-aisteach nach bpléitear é, go háirithe agus pleananna do chóras iompair phoiblí mhórcheantar Bhaile Átha Cliath na todhchaí á bplé. Faillí mhór, dar liom.

Oisín Mac Giolla Dhaltúin,
Bóthar na gCloch


Is é an córas oideachais a mhúscail grá i mo chroí don nGaeilge, ach an córas céanna anois atá ag scoilteadh mo chroí

Nach ait mar a imríonn an saol a chartaí – ó ghrá go brón, ó spreagadh go scrios – an córas a thóg mo ghrá don nGaeilge is é anois atá ag cur éagóra uirthi fhéinig.

Tá m’aistear ar fad tríd an gcóras oideachais caite agam sa nGaeloideachas. Mhúscail an córas seo grá síoraí ionam don teanga álainn is fhileata seo atá againn anseo in Éirinn. Is Gael mé anois, is í mo theanga í an Ghaeilge agus tá ról lárnach aici i mo shaol. Chothaigh an córas seo mé mar Ghael agus tá a mhacasamhail á dhéanamh ar fud na tíre ag an nGaeloideachas, go háirithe taobh amuigh den nGaelteacht. In ainneoin an scéil dhearfaigh seo de réir phreasráiteas ón bhFóras Pátrúnach a cuireadh amach i mí Aibreáin “tá an chéad laghdú tagtha ar líon na ndaltaí in oideachas lán-Ghaeilge le 50 bliain anuas”, agus fós leanann tromlach ó Ghaelscoileanna ar aghaidh go dtí oideachas trí Bhéarla tar éis na bunscoile. 

Deirtear go bhfuil Gaeilge briste níos fearr ná Béarla cliste. Ach, conas gur féidir é seo a rá i láthair na huaire nuair atá córas trí Ghaeilge ann atá briste agus córas trí Bhéarla atá níos cliste. Ní fhéadfainn labhairt faoin nGaeilge sa gcóras Béarla san alt seo, mar is scéal iomlán eile é sin. Ach, agus mé ag druidim i dtreo dheireadh m’aistir sa nGaeloideachas is cinnte go bhfuil go leor le rá agam.  

Thosaigh mé amach sa nGaelscoil i mBaile Chill Mhantáin mar leaidín óg agus anois freastalaím ar Ghaelcholáiste na Mara. Is iad seo na scoileanna a chothaigh mé mar Ghael. Ach, agus mé ag déanamh machnaimh ar mo chuid ama sna scoileanna is léir nach bhfuil cothrom na Féinne faighte agam i gcomparáid le daltaí i scoileanna lán-Bhéarla. Osclaíodh Gaelcholáiste na Mara in 2007 agus táimid fós lonnaithe i bhfoirgneamh sealadach, cé go ndúradh liom go mbeinn sa scoil nua roimh an tríú bliain. Fógraíodh coicís ó shin go raibh an tionscadal don bhfoirgneamh nua ag dul chun tairisceana. Ní féidir a shéanadh ach gur nuacht dhearfach é seo don scoil amach anseo. Ach, cén maitheas é seo dúinn sa scoil faoi láthair?  

Chaith mé m’aistear ar fad sa gcóras oideachais i bhfoirgnimh shealadacha. D’imigh an díon ó chuid den bhfoirgneamh sealadach sa nGaelcholáiste le Stoirm Darragh an deireadh seachtaine seo agus tá an scoil ag titim as chéile. Níl fiú leabhar trí Ghaeilge agam don gcuid is mó de m’ábhair, agus má tá, tá an chuid is mó dóibh as dáta. Tá ganntanas múinteoirí le breathnú go forleathan, go háirithe sa nGaeloideachas. Táimid tar éis gealltanais i ndiaidh gealltanais a fháil ón rialtas agus le rialtas nua tá sé in am cothrom na Féinne a thabhairt dúinn, na daltaí is na múinteoirí sa nGaeloideachas. Cén chaoi eile a cheapann an rialtas go bhfuil siad chun daltaí is múinteoirí a mhealladh isteach sa gcóras, go háirithe chun teacht in aice lena haidhmeanna in Acht na dTeangacha Oifigiúla? Caithfear acmhainní leormhaithe a chur ar fáil dúinn mar is léir go n-oibríonn coincheap an Ghaeloideachais, ach go bhfuil an córas á scriosadh mar thoradh ar easpa tacaíochta ón rialtas. N’fheadar an dtarlóidh sé i ndáiríre le taifead oibre na bpáirtithe atá le bheith ag dul isteach sa rialtas nua? Ach cífimid.

Is mise le meas,
Rónan Ó hIcí