Más ‘tús maith leath na hoibre’, is drochthús é don Ghaeilge le linn shaolré an 34ú Dáil ceapachán Murphy mar Cheann Comhairle
Ba é Cathal Brugha, réabhlóidí agus cainteoir Gaeilge, céad cheann comhairle na Dála in 1919. Léigh sé an Clár Daonlathach amach i nGaeilge agus reáchtáladh gnó na Dála go hiomlán trí Ghaeilge ar an gcéad lá a bhailigh na teachtaí. Ní ‘scannal’ é, fiú, gur ceapadh Verona Murphy, atá gan Ghaeilge, atá ceapta ina ceann comhairle 105 bliain níos déanaí. Tá pobal na Gaeilge imithe i dtaithí ar chinntí den sórt seo le blianta beaga anuas.
Léiríonn ceapachán Murphy codarsnacht lom idir fís agus cur chuige ghlúin na réabhlóide ar an láimh amháin, agus cur chuige ghlúin na ngaimbíní ar an láimh eile. Anuas air sin, is léiriú é go bhfanfaidh cúrsaí mar atá i dTeach Laighean i dtaobh úsáid na Gaeilge de go ceann 5 bliana eile ar a laghad. Labhrófar an cúpla focal anois is arís, agus i rith Sheachtain na Gaeilge cuirfear an dráma bliantúil, ar a nglaoitear ‘Lá na Gaeilge’, ar bun.