Léamhthuiscint: Léigh an píosa thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.
Déantar an Nollaig a cheiliúradh ar fud na cruinne sa lá atá inniu ann, ach céard é bunús na Nollag? Cén fáth a gcuirtear crainn i seomraí suí? Céard faoi Dhaidí na Nollag? Tá réiteach na gceisteanna seo san alt thíos!
An tSean-Róimh
San Iodáil ní bhíonn an geimhreadh chomh fuar sin, mar sin bhíodh féile in ómós do Shatarn, dia na talmhaíochta, an tráth seo den bhliain in aimsir na Rómhánach. Saturnalia an t-ainm a bhí ar an bhféile. Thosaíodh an ceiliúradh an tseachtain roimh ghrianstad an gheimhridh, agus mhaireadh sé seachtain iomlán. Féile ab ea é a chuireadh sochaí na Róimhe bunoscionn le han-mhórán macnais. Bhíodh na Rómhánaigh ag ól, ag déanamh cuartaíochta i dtithe éagsúla, agus ag ithe a lán bia. Rud an-spéisiúil freisin a tharlaíodh ag an am seo den bhliain ná bhíodh na sclábhaithe mar shaoránaigh le linn na féile. Ar an gcúigiú lá is fiche de mhí na Nollag, nó December i Laidin, dhéanadh muintir na Róimhe ceiliúradh ar bhreith dhia na gréine, Sol Invictus. Creidtear gur seo an fáth ar thosaigh Críostaithe an Nollaig a cheiliúradh ar an dáta sin.
Jul
Cosúil leis na Rómhánaigh, i gCríoch Lochlann dhéantaí Jul a cheiliúradh i lár an gheimhridh, i mí na Nollag agus i mí Eanáir de réir fhéilire an lae inniu. Féile chun ceiliúradh a dhéanamh ar dheireadh an dorchadais agus filleadh na gréine a bhí ann. Le linn na féile bhailíodh daoine lomáin, nó stoic crainn, agus chuireadh siad trí thine iad. Bhíodh bia gann le linn an gheimhridh, mar sin mharaíodh daoine eallaigh agus ansin bhíodh an-chuid feola ar fáil dóibh. Chomh maith leis sin, bhíodh daoine ag déanamh beorach agus fíona i rith na bliana agus bhíodh sé sin réidh le hól ag an am seo den bhliain. Tá go leor difríochtaí idir na nósanna a bhí acusan agus an Nollaig atá againn féin, ach is cinnte gur sin nós amháin dá gcuid atá againn fós an tráth seo bliana, béilte móra a chaitheamh agus neart a ól!
Daidí na Nollag
Is cinnte nach féidir labhairt faoin Nollaig gan tagairt a dhéanamh do Dhaidí na Nollag. Cad as a dtagann scéal fhear an chóta dheirg? Is féidir finscéal Dhaidí na Nollag a rianú siar go San Nioclás, easpag Críostaí de bhunadh na Gréige a rugadh sa bhliain 270 agus a mhair san Anatóil (san áit a bhfuil an Tuirc anois). Thaistealaíodh sé timpeall na dúiche ag tabhairt airgid do na boicht agus ag leigheas daoine tinne, go háirithe páistí . Tá sé aitheanta ag an Eaglais mar naomh na mbocht. Dhéanadh imircigh ón Ísealtír féile San Nioclás a cheiliúradh i Meiriceá, agus is óna n-ainm siúd air in Ísealtíris, Sinterklaas, a thagann Santa Claus i mBéarla Mheiriceá. Tagann an íomhá nua-aimseartha d’fhear ag eitilt thart ó theach go teach le bronntanais ón dán cáiliúil An Account of a Visit from St Nicholas arna scríobh, creidtear, ag Clement Clarke Moore in 1822 (cé go maíonn daoine áirithe gur fear eile, Henry Livingstone, a scríobh). Tosaíonn an dán le “Twas the night before Christmas”.
Ceisteanna Buntuisceana
- Cén t-ainm a bhí ar dhia na gréine sa tSean-Róimh?
- Céard iad na himeachtaí a bhíodh ar siúl le linn Saturnalia?
- Céard a chreid na Rómhánaigh a tharla ar an 25 Nollaig?
- Céard iad na nósanna a tharlaíodh le linn Jul?
- Cén fáth ar tharla an oiread sin ithe agus olacháin?
- Cén bhliain ar rugadh San Nioclás agus cén áit ar mhair sé?
- Cén fáth a bhfuil an dán An Account of a Visit from St Nicholas tábhachtach?
- Céard iad na rudaí (i) atá difriúil idir féile na Nollag sa lá atá inniu ann agus féilte lár an gheimhridh sa seanam agus (ii) céard iad na rudaí atá mar an gcéanna?
Ceapadóireacht
Scríobh argóint bunaithe ar an ráiteas “Tá an iomarca béime ar bhronntanais agus airgead tráth na Nollag”. Is féidir leat aontú nó easaontú leis.