Tá beirt fhear cúisithe as dúnmharú Karen Cummings, 40 bliain d’aois, sa cheantar Arda Labhrais i nDroichead na Banna tráthnóna Dé Sathairn
Cúisíodh beirt fhear as dúnmharú i ndiaidh gur thángthas ar Karen Cummings, í gan aithne gan urlabhra agus gortaithe go dona sa cheann. Fuair sí bás ar an láthair i dteach sa cheantar Arda Labhrais i nDroichead na Banna tráthnóna Dé Sathairn.
D’oibríodh Cummings in Otharlann Chnoc na Nóiníní ar an Iúr mar altra péidiatraice. Ba mháthair do bheirt pháistí í, Curtis agus Zara. Dúirt a hiarpháirtí John Paul Cummings go gcronaíonn sé agus a páistí í go mór, anois agus go deo.
Gabhadh fear, 42 bliain d’aois, ar an láthair, ar amhras go ndearna sé dúnmharú. Gabhadh fear eile, 32 bliain d’aois, tráthnóna Dé Domhnaigh ar an gcúiseamh céanna. Cúisíodh an fear 32 bliain d’aois, as dúnmharú agus cúisíodh an fear 42 bliain d’aois, as dúnmharú, cionta maidir le hairm thine agus maoin ghoidte a láimhseáil. Bhí siad os comhair na cúirte ar an Iúr Dé Céadaoin.
D’eisigh Women’s Aid ráiteas ag rá gur mhaith leo a gcomhbhrón a chur in iúl do theaghlach agus cairde Karen, agus an pobal i gcoitinne i nDroichead na Banna. Lean siad orthu ag rá go bhfuil Karen ar an 25ú bean a maraíodh sna sé chontae ó 2020 ann. Maraíodh an chuid is mó de na mná seo ina dtithe féin. Tá Karen ar an 7ú bean a maraíodh sna sé chontae in 2024.
Rinne Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann cur síos ar an eachtra mar dhúnmharú brúidiúil agus gan chiall. Dúirt an tArdmhéara Sarah Duffy ó Shinn Féin gur tháinig an pobal le chéile an tseachtain seo caite ar an Lorgain chun cuimhneamh ar na 25 bean a maraíodh foréigean le 4 bliana anuas. Ní thiocfadh leo a shamhlú go mbeidís ag caoineadh ar son mná eile a cailleadh go fánach. Tharla dhá bhigil faoi sholas coinnle ar an Iúr agus i nDroichead na Banna oíche Déardaoin.