Déanann Caoimhín Ó Cadhla cur síos ar an neach osnádúrtha cáiliúil, an leipreachán.
Tá an leipreachán ar cheann de neacha osnádúrtha is cáiliúla atá ann a bhuíochas go háirithe leis an scannán Darby O’Gill and the Little People. Spéisiúil go leor, rinne comhlacht Disney taighde ar bhéaloideas na hÉireann don scannán agus tháinig Walt Disney féin ar cuairt go hÉirinn chun bualadh le Coimisiún Bhéaloideasa Éireann.
Tá ainmneacha éagsúla ag an leipreachán. I dtuaisceart Laighean d’úsáidtí luprachán don neach, in Ulaidh luchramán, in oirthear Laighean loimreachán, i ndeisceart Laighean, lúracán i gConnachta, sa Mhumhain luchragán, lurgadán agus clúracán.
Tá a chéad tagairt atá againn do na leipreacháin i déacs ón ochtú haois faoi Fhearghus Mac Léide. Luaitear sa téacs sin neacha osnádúrtha a bhfuil scil sa draíocht acu. Gabhann Fearghus triúr acu agus tugann siad ardchumas snámha dó ar acht iad a ligean saor. I dtéacsanna eile tugann siad earraí draíochtúla ar nós clóca nó péire bróg airgid a thugann an chumhacht d’Fhearghus taisteal thar uisce gan bhá.
De ghnáth is seanfhir bheaga iad na leipreacháin agus bíonn siad i mbun gréasaíocht bróg do na sióga. Bíonn siad ólta cuid mhór den am ar phoitín, cé nach mbíonn siad chomh hólta sin nach mbíonn a meabhair acu chun bróga a dhéanamh ná cleasa a imirt ar dhaoine. Tá cur síos ar leipreacháin in Dúchas.ie, ‘Bhíodh caipín dearg air, cóta glás, bróga buidhe agus bhíodh bior ar bhárr a bhróga’.
Deirtear gur féidir saibhreas (croca óir) an leipreacháin a aimsiú má ghabhann tú an leipreachán agus ceist a chur air agus do shúil a choinneáil air an t-am ar fad. Ach is cleasaí maith é an leipreachán agus déanfaidh sé a dhícheall an saibhreas sin a choinneáil. Déanann sé é trí iarrachtaí do shúile a bhaint uaidh. Fiú amháin má aimsíonn tú an áit a bhfuil an croca óir, imríonn an leipreachán cleasa ort chun é a chur i bhfolach, mar a tharla do dhuine amháin a chuir ribín ar chrann amháin san áit a raibh an croca óir, chun a chinntiú go mbeadh a fhios aige cá raibh an taisce. Nuair a tháinig sé ar ais bhí ribín ar gach crann!
Seo scéal amháin ó dúchas.ie inar éirigh le bean an t-ór a fháil:
Bhí bean ag siubhal treasna na páirce lá. Sgoirr a cos agus thuit sí. Chonnaic leipreachán í, agus thosuigh sé ag gáire. D’eirigh an bhean go feargach. Rith sí in a dhiaidh an leipreacháin. Rug sí air. “Cé’n fáth ar thosuigh tú ag gáire” ar sise. “Leag tú do chos ar an áit a raibh pota óir, agus sgoirr tú” ars an leipreachán. “Romhar suas an áit a thuit tú agus gheobhfaidh tú pota óir.” Romhar sí suas é, agus fuair sí pota óir. Leig sí amach an leipreachán annsin.
Mar sin, ní éiríonn leis an leipreachán a chroca óir a chosaint i gcónaí.
As an mbéaloideas, is féidir a rá go bhfuil noda ann chun an croca óir a aimsiú:
- Coinnigh greim ar an leipreachán
- Coinnigh do shúil ar an leipreachán
- Ná lig dó cleas a imirt ort
Go n-éirí leat an croca óir a fháil. Má éiríonn leat an croca óir a fháil scríobh isteach chugainn chun a rá linn!
Níl aon amhras go bhfuil saibhreas ag baint leis an leipreachán. Tá airgead déanta Disney ar Darby O’ Gill and the Little People agus Trimark Pictures ar an tsraith scannán Leprechaun, gan trácht ar an iarsmalann na leipreachán atá i mBaile Átha Cliath.
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.