An Nollaig seo, tabhair draíocht na scéalta Gaeilge mar bhronntanas. Amharc siar ar Nollaig ar oileán sa leabhar cuimhní cinn ʻNollaig Oileánach’, nó bíodh do rogha gearrscéalta agat a chlúdaíonn na céadta bliain i ʻScéalta Nollag’. Cnuasach d’fhilíocht chumhachtach na hÉireann é ʻCé a Mharaigh Emma Mhic Mathúna’ a chuimsíonn réimse téamaí traidisiúnta agus comhaimseartha. Taisteal go dtí an Bhurúin agus amharc ar na seanlaethanta trí shúile páiste i ʻTír Bheag’, nó dírigh ar an saol i gcaitheamh na mblianta le ʻNain’ – d’fhéadfá rud nó dhó a fhoghlaim ar an mbealach fi ú. Ó chlasaicí a mhairfi dh go deo go heisiúintí nua, tar ar an scéal nua is fearr leat a fhanfaidh leat tar éis an leathanaigh dheireanaigh.
Nollaig Oileánach: Beathaisnéis ar aimsir na Nollag sna seascaidí agus sna seachtóidí a caitheadh ar Inis Treabhair, oileán beag amach ó chósta Chonamara, áit ar fhás an t-údar Micheál Ó Conghaile aníos. Is léiriú é ʻNollaig Oileánach’ ar shaol an údair, agus ar an Nollaig thar na blianta ag fás aníos i bpobal beag oileánach.
Scéalta Nollaig: Foilsíodh leaganacha d’fhormhór na scéalta seo i gcolún an údair ʻCrobhingne’ san Irish Times ag aimsir na Nollag le fiche bliain anuas. D’fhéadfaí cur síos a dhéanamh ar chuid acu mar fhinscéalta, nó mar athinsintí cruthaitheacha ar scéalta Bíobla. Tá scéalta eile spreagtha ag tomhaltachas Nollag an lae inniu. Is scéal níos faide faoi óige Íosa é ʻLá Breithe’ – níor insíodh an leagan seo den scéal sa Tiomna Nua ar chor ar bith
Cé a Mharaigh Emma Mhic Mhathúna: Cnuasach láidir dánta ina bhfuil marbhnaí cumhachtach poiblí d’Emma Mhic Mhathúna, Vicky Phelan agus Sinéad O’Connor ina measc, chomh maith le cáineadh géar ar pholaitíocht na hÉireann na linne seo i gcuideachta dánta níos pearsanta faoin ghrá, an bás agus an teaghlach.
Tír Bheag: Lonnaithe sa Bhurúin in 1992, do Gabriel, atá deich mbliana d’aois, is maith an saol é, agus tá sé sásta. Caitheann sé féin agus a chairde a gcuid laethanta ag spaisteoireacht, ag snámh san abhainn agus ag goid mangónna agus toitíní, faic na fríde ag cur isteach orthu. Ach tá stoirm ag bagairt ar an taobh thall den teorainn i Ruanda agus ní fada go gcuirfi dh cogadh cathartha agus cinedhíothú deireadh go deo le soineantacht an bhuachalla óig.
Nain: Rugadh agus tógadh Nain, Máirín Uí Chathalláin, 86 bliain d’aois ar Arda Mór, i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí. Ón lá a phós sí, tá sí ina cónaí ar an gCoimín, áitín ana-bheag ina bhfuil timpeall 45 duine ina gcónaí ann. Níor fhág sí Éire riamh. Caitheann sí an lá anois ina teach, ag féachaint amach ar Thúr Bhaile Dháith, ag ithe pé diabhal rud is maith léi, rudaí milse den chuid is mó. Is breá léi cupán cocoa san oíche agus barra seacláide Yorkie agus is breá léi nuair a thugann daoine cuairt uirthi. Tobar eolais agus seanchais is ea mo Nain-se, cloch cúinne de dhuine, bean croí móire, lán go barra de lúbaireacht is de chraic, de chiall is de chomhairle faoin saol mór.
5 Leabhar d’Aosaigh Óga
Léim isteach i dtír dhraíochtúil na síog le Luisne i ʻAn Nollaig Thuas’, nó bí gafa le cora crua shaol an déagóra i ʻDialann Emily Porter’ agus ʻLúba’. Bí le Saraifín nuair a athraíonn píosa beag áidh a shaol i ʻSaraifín is a Mórshaothar Iontach’, nó Learaí i ʻDaideo Craiceáilte agus na Síofraí’ mar a dhéanann sé iarracht a dhéanamh amach céard atá ag dul ar aghaidh lena Dhaideo corr. Tabhair draíocht na heachtraíochta mar bhronntanas an Nollaig seo!
An Nollaig Thuas: Is sióg óg í Luisne atá ina có naí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí . Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaí onn go leor eachtraí di fé in agus dá cairde.
Dialann Emily Porter 3: Caillte agus Aimsithe (+15): 1997 atá ann – bliain chinniúnach i saol Emily Porter. Ní hamháin go bhfuil an Ardteist ar na bacáin ach tá cinneadh mór le déanamh faoin gcúrsa tríú leibhéal agus tá Emily bhocht faoi strus! Mar bharr ar an donas, níor labhair sí lena dlúthchara Olivia le bliain anuas – is naimhde críochnaithe anois iad. Sa scéal seo, faigheann Emily taithí ar rollchóstóir an tsaoil. Filleann sí ar an gcoláiste samhraidh ach mar fhostaí an uair seo agus tugtar léargas úr di ar shaol na Gaeltachta. Ní bliain éasca i saol déagóra ach, tríd an gcruatan, na dúshláin agus an briseadh croí, fásann Emily ina aosach óg. Seo an tríú leabhar sa tsraith mhóréilimh ʻDialann Emily Porter’.
Lúba: Tá Lucy ag streachailt leis an saol: a tuismitheoirí, an scoil, a cairde, a smaointe féin fi ú. An dtiocfadh léi saol álainn a bheith aici mar atá ag Clúimhín, an cat? Agus dá mbronnfaí saol an chait uirthi, an mbeadh sí sásta leis?
Saraifín is a Mhórshaothar Iontach: Is pollaire ticéad é Saraifín sa líonra faoi thalamh. Tá sé dubh dóite lena chuid oibre. Santaíonn sé an dúlra agus saoirse. Tá iarracht den ádh air nuair a fhaigheann sé teach le huacht faoin tuath. Cé gur teach a bhfuil drochbhail air, cruthaíonn sé é féin mar cheardaí a bhfuil samhlaíocht iontach aige agus cuireann cruth úrnua ar an raingléis de theach aige. Ach tá aisling Sharaifín i ngleic leis an tsraoilleáil uirbeach agus tosaíonn cogadh na mbó maol idir é agus na maorlathaigh agus an lucht forbartha.
Deaideo Craiceáilte agus na Síofraí: Ní cuimhin le Deaideo cár fhág sé an carr agus tá Learaí ag cabhrú leis í a aimsiú. Ach tá rud éigin aisteach faoi Dhaideo – ní hé nach mbíonn sé aisteach i gcónaí ach tá sé seo ag dul thar fóir! Cad sa diabháil atá ar siúl aige?
5 Leabhar don Léitheoir Óg
Tabhair leabhar nua mar bhronntanas do na léitheoirí óga i do shaol an Nollaig seo. Tabhair turas go tír na n-óg le Teidí agus a chairde, nó faigh amach cén chaoi a ndéanann Daidí na Nollag é féin ceiliúradh ar an Nollaig i ʻSantaí sa Bhaile’. Tar ar amhráin na farraige i ʻCeol na Mara’, agus is é ʻMamaí Gé’ an bailiúchán rannta a theastaíonn ó gach páiste an Nollaig seo. Is deis iontach í Oíche Nollag teacht le chéile agus léim isteach i ndraíocht ʻAn Oíche Roimh Nollaig’ trí Ghaeilge le ʻCuairt San Nioclás’.
An Nollaig le Teidí: Oíche Nollag atá ann agus tá Teidí ar bís! Téimis ina theannta go tír na samhlaíochta, isteach sa teachín arán sinséir, áit a mbeidh brioscaí ar crochadh ar na ballaí agus leabhair gur féidir a ithe, fi ú. Beidh neart eachtraí ag Teidí, Tomás agus Tríona le Mamaí agus le Daidí. Ach beidh orthu a bheith ar ais ina dteach féin sula dtiocfaidh Daidí na Nollag!
Ceol na Mara: Cnuasach álainn amhrán bunaithe ar théama na farraige, curtha i láthair ag Tadhg Mac Dhonnagáin, Caitlín Ní Chualáin agus páistí scoile as Scoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Tá amhráin nuachumtha i gceist agus rinneadh meascadh fuaime nua ar na seanchlasaicí ar nós ʻRaghnall Rón’ agus ʻCé a Chlúdaigh mé le Gaineamh?’ Is féidir éisteacht leis na hamhráin ar fad ach cód QR a scanadh.
Mamaí Gé: Órchiste de rannta do pháistí óga, i nGaeilge agus i mBéarla. Aistriúchán Gaeilge le Gabriel Rosenstock ar rannta Mhamaí Gé (Mother Goose Rhymes) le léaráidí gleoite le Kim Sharkey.
Santaí sa Bhaile: Timpeall an domhain in aon oíche amháin – Daidí na Nollag sa charr sleamhnáin. Céard a tharlaíonn ina dhiaidh sin? Conas a chaitheann Saintí agus a chairde an Nollaig sa Mhol Thuaidh?
Cuairt San Nioclás: Is casadh Gaeilge é ʻCuairt San Nioclás’ ar chlasaic na Nollag ʻTwas The Night Before Christmas’. Is deis iontach é an leabhar seo éalú isteach i ndraíocht ullmhúcháin Daidí na Nollag ar Oíche Nollag.
Aimsigh an scéal is ansa leat an Nollaig seo ag LoveLeabharGaeilge.ie.