Olltoghchán 2024 faoi lánseol inniu sna sé chontae is fiche

Domhnall Mac Concharraige

Inniu an 29 Samhain caithfear na milliúin vótaí chun an chéad rialtas eile a roghnú sna sé chontae is fiche. Osclófar na hionaid vótála ag a 7 am agus dúnfar iad ag a 10 pm. Tá 686 iarrthóir san iomaíocht agus beidh 174 teachta dála le toghadh, 14 níos mó ná mar a bhí sa dáil deiridh. Rud atá spéisiúil faoin toghchán seo ná gur dócha nach mbeidh móramh ag páirtí ar bith. Ciallaíonn sé sin gur comhrialtas a bheidh sa chéad rialtas eile. Tá a fhios ag teachta dála amháin go mbeidh sé i dTeach Laighean arís, is é sin an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl, Fianna Fáil.

Tá 43 dáilcheantar ann an uair seo, 4 cinn sa bhreis ar thoghchán 2020 ar an ábhar gur roinneadh Fine Gall i mBaile Átha Cliath ina dhá chuid, Fine Gall Thoir agus Fine Gall Thiar. Tá Laois-Uíbh Fháillí anois ina dhá dháilcheantar éagsúla freisin, agus tá Tiobraid Árann roinnte ina dhá leath, thuaidh agus theas.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!