Is í an chéad aire sinsearach de chuid Shinn Féin a d’fhreastail ar ócáid oifigiúil de chuid Dhomhnach na gCuimhneachán
Leag Céad-Aire an Tuaiscirt, Michelle O’Neill, bláthfhleasc labhrais ag ócáid de chuid Dhomhnach na gCuimhneachán ag Halla na Cathrach, Béal Feirste, an Domhnach seo caite. Ceanglaíodh nóta leis an mbláthfhleasc ar ar chuir an Chéad-Aire in iúl gur theastaigh uaithi ‘ár sochaí a thógáil thar sheanteorainneacha, droichid a thógáil, agus dul i dtreo todhchaí chomhroinnte’.
‘Inniu, cuimhneoidh mé ar na beathaí uile a cailleadh in uafás cogaí agus coimhlintí – san am atá thart agus sa lá atá inniu ann’, a scríobh an Chéad-Aire O’Neill ar an nóta chomh maith. D’eisigh Sinn Féin ráiteas an mhaidin céanna ina ndúirt O’Neill, ‘nach seachnóidh mé mo dhualgais cinntí a ghlacadh – cuma más cinntí dúshlánacha iad go pearsanta – a chabhróidh Éire nua a thógáil, ina mbeadh an t-imeascadh agus meas do gach traidisiún i lár an aonaigh’.