Ag suansiúl isteach i gcogadh núicléach

Eoin Ó Murchú

Tá baol soiléir ann go bhfuil muid ag suansiúl isteach i gcogadh núicléach, cogadh a scriosfadh an domhan ar fad, i bhfianaise chinneadh Joe Biden cead a thabhairt do réimeas Chív san Úcráin diúracáin Chóras Diúracáin Oirbheartach an Airm (CDOA, ATACMS i mBéarla) a scaoileadh go díreach isteach sa Rúis.

Tá cinntí den chineál céanna tógtha ag maidríní lathaí na Stát Aontaithe i Sasana agus sa bhFrainc an cead céanna a thabhairt maidir lena gcuidne diúracán.

D’fhógair Uachtarán an Rúise, Vladimir Putin, cheana gur líne dhearg a bheadh sa mhéid seo don Rúis. Agus mhínigh sé nach féidir leis an Úcráin amas a dhéanamh ar an Rúis leis na diúracáin seo gan rannpháirtíocht dhíreach saighdiúirí de chuid ECAT (Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh) ó thaobh díriú satailítí ECAT agus láimhseáil an trealaimh faoi seach.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!