Jenna Goulding Lean Le Boom ar aghaidh lena bhfeachtas Hot Gael Summer ag an bPicnic Leictreach ag an deireadh seachtaine. Thosaigh siad an samhradh le seoladh a n-amhrán Hot Gael Summer. Mearscaipeadh an t-amhrán ar TikTok. Sheinn Le Boom ar stáitse Today FM agus bhí slua iontach ann chun tacú leis na buachaillí. Bhí gig…

Jenna Goulding D’fhill Kneecap ar an bPicnic an deireadh seachtaine seo caite. In ainneoin na drochaimsire agus na báistí, tháinig na mílte go dtí an príomhstáitse dá dtaispeántas. Is grúpa iontach iad chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach tarraingteach. Bhí fadhbanna cinsireachta ag an ngrúpa sna míonna beaga roimhe seo mar gheall…
Jenna Goulding Fuair an file Gaeilge Derry O’Sullivan bás an tseachtain seo i bPáras, agus 81 bliain d’aois curtha de aige. Ba as Beanntraí i gCorcaigh é agus rugadh é i 1944 i dteaghlach ina raibh Béarla á labhairt. D’fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus rinne sé staidéar ar Laidin, an Gréigis, agus…

Jenna Goulding D’fhógair Ollscoil na Gaillimhe uachtarán nua níos luaithe an mhí seo. Is é an tOllamh David J. Burn an 14ú huachtarán atá á cheapadh ar an Ollscoil. Tá an tOllamh Burn ina Leas-Seansailéir Feidhmeach ar Dhámh na nEolaíochtaí Leighis, Ollscoil Newcastle ó 2017 i leith. Tá a théarma le tosú i mí Mheán…

Jenna Goulding Tá Oasis sceidealaithe le seinm i bPáirc an Chrócaigh an Satharn agus an Domhnach seo. Tá an dá sheó seo mar chuid den chamchuairt athaontaithe Oasis. Is í an chamchuairt seo an chéad léiriú poiblí ag an mbeirt ó scar siad in 2009. Nuair a fógraíodh a gcamchuairt athaontaithe ar an 27 Lúnasa…

Jenna Goulding Fuair an scannánóir ceannródaíoch George Morrison bás Dé Luain seo caite, agus 102 bliain d’aois curtha de aige. B’as Trá Mhór i bPort Láirge é agus rugadh é ar an 3 Samhain in 1922. D’oibrigh a mháthair mar aisteoir in Amharclann an Gheata i mBaile Átha Cliath. D’oibrigh a athair mar ainéistéiseach néareolaíoch.…

Jenna Goulding Bhí Kneecap sceidealaithe le seinm ag Féile Sziget i mBúdaipeist ar an 11 Lúnasa, ach chuir rialtas na hUngáire cosc ar an ngrúpa rapcheoil dul isteach sa tír ar feadh tréimhse trí bliana. Thug lucht eagraithe na féile le fios gur dhiúltaigh siad an cuireadh a thug siad do Kneecap a tharraingt siar.…
Jenna Goulding De réir foráil den “bhille mór álainn” a d’achtaigh rialtas Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, beidh ar chuairteoirí sna Stáit Aontaithe “táille ionracais víosa” a íoc. Is é $250 an táille atá beartaithe. Mar sin féin, tá cead Rúnaí Slándála na Tíre Dúchais táille níos airde a shocrú, de réir na forála.…
Jenna Goulding Tá an tríú cás cúirte tionscanta ag Conradh na Gaeilge san Ard-Chúirt i gcoinne an Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, agus an uair seo, in aghaidh an Aire Pobal, Gordon Lyons, mar gheall ar an teip Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach. Thug Conradh na Gaeilge dhá chás athbhreithnithe bhreithiúnaigh os comhair na hArd-Chúirte roimhe…
Jenna Goulding Rinne an Roinn Tithíochta cinneadh trí seachtaine ó shin gan dul ar aghaidh le thart ar 500 teach sóisialta mar gheall ar imní faoi luach ar phraghas réasúnta. Bhí na tithe le tógáil i mBaile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Cill Dara, agus Sligeach faoin gcomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí. Tá costas tógála breis is €1…