
Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt. Trasna 1. Fanaim glan (air) (9)4. Táimid stiúgtha leis an ocras; _ gach rud a chuirfí os ár gcomhair (modh coinníollach) (10)9. _ tógálaithe níos mó tithe i bhfad ó shin (gnáthchaite) (7)11. _ é…

Líon isteach na huimhreacha 1-4, 1-5, 1-6 nó 1-9 gan dúbailt in aon líne, colún, ná bosca. Leideanna ar fáil anseo. 4×4 suimeanna 6×6 9×9
Tá captaen pheil na mban na Gaillimhe, Kate Geraghty, tar éis a admháil go bhfuil an deis éacht a dhéanamh ina spreagadh mór don fhoireann agus iad ag ullmhú do chluiche ceannais roinn 1 de Shraith Náisiúnta Lidl. Beidh Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar Corcaigh i bPáirc na nGael TUS i Luimneach Dé Sathairn seo…

Ní minic a fheictear lúthchleasaí i gcluichí Gaelacha ag déanamh a chéad chluiche sinsir idirchontae tar éis dóibh deich mbliana is fiche a shlánú. Sa ré nua-aimseartha, agus na héilimh mhóra atá bainteach leis an ardleibhéal ullmhúcháin agus feidhmíochta, is annamh go deo a tharlaíonn a leithéid. Ach sin go díreach atá bainte amach ag…

Tá craobhacha peile na hÉireann 2026 ar tí tosú an deireadh seachtaine seo, agus arís eile beidh súile an náisiúin agus an diaspóra dírithe ar chraobh Chonnacht, áit a mbeidh Londain ag tabhairt aghaidh ar Maigh Eo, agus Nua-Eabhrac ag cur fáilte roimh Ros Comáin i bPáirc na nGael. Tar éis bliain chrua in 2025,…