Is é An Páipéar an t-aon nuachtán clóite Gaeilge, tar éis easnamh de 12 bhliain. Tá sé ar fáil i 1,500 siopa agus tá ábhair náisiúnta, idirnáisiúnta, spóirt, ceol, stair, agus go leor eile istigh ann.
Táimid lonnaithe i Ráth Chairn, Gaeltacht na Mí. Ní fhaighimid maoiniú leanúnach ón stát, rud a choinníonn An Páipéar neamhspleách i dtaobh eagarthóireachta de agus saoirse an phreasa a chothú. Mar sin, tá tacaíocht ón bpobal ríthábhachtach dúinn.
Tacaíocht gan airgead
- Scaip an scéal agus bí ag caint ar na meáin.
- Scríobh litir nó alt dúinn.
- Cuir d’imeacht Gaeilge isteach.
- Iarr ar shiopa áitiúil é a stocáil.
- Más siopa thú, cuir in iúl dúinn má tá spéis agat é a dhíol.
Tacaíocht airgeadais
- Ceannaigh nó tóg síntiús (míosúil nó bliantúil).
- Cuir fógra pearsanta isteach.
- Mol do do scoil nó leabharlann é a fháil.
- Iarr ar do chomhlacht síntiús nó fógra a chur isteach.
- Tabhair tabhartas más féidir leat. Is féidir é sin a dhéanamh thíos.
Tá sé i gceist againn breis leathanach le réimse ábhar níos leithne a chur leis an nuachtán agus breis oibrithe a fhostú. Le bhur dtacaíocht, is féidir linn é sin a bhaint amach agus an Ghaeilge a chur chun cinn.
Go raibh míle maith agaibh – ar scáth a chéile a mhaireann na daoine!’