Cóilín Duffy Tá Craobh Shinsir Pheile Dhún na nGall 2025 ag druidim linn, agus beidh súile an chontae dírithe ar Pháirc Naomh Conall i nGleann tSúilí Dé Domhnaigh, áit a gcasfaidh Gaoth Dobhair agus Naomh Conall ar a chéile i gceann de na cluichí is mó a spreagann mothúcháin i bpeil an chontae le blianta…

Tháinig na cúig Ghaelscoil atá páirteach san fheachtas Gaelcholáiste 2468 le chéile le haghaidh Blitz Peile 2468, comórtas peile a bhfuil sé mar aidhm aige cairdeas agus idirghníomhaíocht a neartú idir daltaí ó na scoileanna agus brú a choinneáil lena chinntiú go n-éireoidh le forbairt Ghaelcholáiste Synge. Ba cheiliúradh í an ócáid, a bhí ar…

Sinead McNulty agus Helen O’Rourke – beirt de na pearsaí is mó tionchar i spórt na mban ag fágáil a bpost i mbliana i lár phróiseas comhtháthaithe CLG Cóilín Duffy Sinead McNulty in eineacht le Sabina Higgins agus Corn Uí Dhufaigh á ardú ag captaen na Gaillimhe Carrie Dolan tar éis bhua na Gaillimhe ar…

Déanfaidh comhdháil speisialta an deireadh seachtaine seo cinneadh stairiúil ar rialacha sealadacha an Choiste Athbhreithnithe Peile Cóilín Duffy Beidh súile dhomhan CLG dírithe ar Pháirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo, áit a mbeidh comhdháil speisialta eile ar siúl leis na rialacha sealadacha peile a phlé, agus le vótaí a chaitheamh ar an gceist mhór, an…
Cóilín Duffy D’fhógair Patrick Horgan, duine de laochra móra iománaíochta Chorcaí lenár linn, go bhfuil sé ag éirí as imirt idirchontae tar éis 18 mbliana i ngeansaí dearg na reibiliúnaithe. I ráiteas croíúil, dúirt an réalta ó Fhánaithe an Ghleanna gur smaoinigh sé go cúramach le seachtainí anuas, agus go raibh fócas aige ar imirt…

Cathal Murray aitheanta mar bhainisteoir na bliana Cóilín Duffy D’fhógair Cumann Camógaíochta na hÉireann i gcomhar le PwC buaiteoirí ghradaim na n-ardréaltaí 2025, ag tabhairt aitheantas do na himreoirí is suntasaí ar an leibhéal idirmheánach agus príomhshóisearach i mbliana. Léirigh an séasúr spreagúil seo arís go bhfuil an-doimhneacht tallainne i gcamógaíocht na tíre. Tá buaiteoirí…

Dún na nGall chun cinn i ngradaim na peile le 10 n-ainmniúchán, agus Tiobraid Árann i gceannas ar an iomáint le trí cinn déag Cóilín Duffy Is léiriú soiléir iad ainmniúcháin ghradaim sárimreoirí PwC CLG/Chumann Imreoirí Gael 2025 ar bhliain mhórscéalaíochta, lán de dhraíocht agus de phreabanna a thóg croí lucht leanúna ar fud na…

Bhí borradh faoin nGaeilge i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo caite, áit ar tháinig scór oifigeach Gaeilge ó chlubanna CLG ar fud na tíre le chéile chun pleananna a phlé agus spreagadh úr a fháil. Ní raibh an teanga ar imill an imeachta, ach ag a chroílár. Roinneadh scéalta rathúla ó chlubanna a léirigh…
Cóilín Duffy Tá liosta na n-imreoirí camógaíochta is fearr sa tír fógartha ag an gCumann Camógaíochta i gcomhar le PwC do Ghradaim All-Stars 2025. Is iad Gaillimh buaiteoirí Chorn Uí Dhufaigh, agus tá deichniúr ar an ngearrliosta, ach tá Corcaigh chun cinn orthu le haon duine dhéag ainmnithe. Tá séasúr 2025 tar éis buaicphointí agus…

Craobh pheile idirmheánach Chiarraí An Ghaeltacht 0-19 (19) An Fosadh 1-11 (14) Cóilín DuffyChuir An Ghaeltacht deireadh le hocht mbliana gan chorn peile nuair a bhuadar Craobh Peile Idirmheánach Chiarraí ar Fossa le cúig phointe ag an deireadh seachtaine. Is é seo an chéad uair ó 2017 a bhfuil an gradam seo tugtha ar ais…