
Stiofán Ó Briain Comhghrúpa ealaíne do scríbhneoirí agus cruthaitheoirí LADTA+ a bhíonn ag saothrú trí Ghaeilge is ea AerachAiteachGaelach (AAG). Is é an fhís atá ag AAG cur leis an ionadaíocht a dhéantar ar scéalta aiteacha i litríocht agus ealaíona na Gaeilge. Tugann baill an ghrúpa aghaidh dhásachtach ar sheancheist Eoin Póil in úrscéal cáiliúil…

Tá podchraoladh nua dátheangach ag tarraingt airde i saol na meán Gaeilge agus LADT+, agus é ag gealladh meascán de ghreann, spraoi agus díospóireacht fhiáin faoi chúrsaí an tsaoil. Tugtar gaylinn ar an gclár, atá urraithe ag Camile Thai, agus is iad Cian Griffin, Ciarán Murphy agus Cathal O’Sullivan a threoraíonn an lucht éisteachta trí…

Dé hAoine an 17 Deireadh Fómhair, 6.30 tráthnóna ar RTÉ 1 agus ar Sheinnteoir RTÉ Sa tsraith nua sé chuid seo, téann Imelda May ar thuras mothúchánach agus fiosrach timpeall cheantair Ghaeltachta na hÉireann agus í ag tabhairt aghaidh ar a caidreamh leis an nGaeilge trí amhráin ar an sean-nós. Ag leanúint lorg na mbailitheoirí móra…

Déanann Ag Lorg Hy-Brasil machnamh ar oileán miotasach ársa ar chósta Chonamara agus ar an gcúis ar spreag sé taispeántas na hÉireann ag Architecture Biennale 2023 sa Veinéis. Is dual do na hoileáin a bheith ina dtimpeallachtaí inbhuanaithe. Mar sin, agus muid inár náisiún oileánda ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin amhail an t-athrú aeráide, scriosadh…
Trí ealaíontóir déag roghnaithe don chéad bhabhta den tionscadal ceannródaíoch Is caibidil úrnua í i scéal na hamharclannaíochta Gaeilge. Sheol an Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge, a clár forbartha ealaíontóirí nua, Taibhsín, le déanaí, tionscnamh atá dírithe ar ealaíontóirí agus ar amharclannóirí atá ag obair trí mheán na Gaeilge a chothú, a spreagadh agus a…

Is sraith spéisiúil ceithre chlár fhíorasacha siamsaíochta é Ó Mhuir Go Tír óna bhfaightear léargas faoi leith ar na modhanna taistil ar farraige idir na hoileáin amach ón gcósta agus tír mór ó na 1950í go dtí an lá atá inniu ann. Idir charranna ar bháid leathdheiceáilte, máithreacha agus páistí nuabheirthe ag teacht abhaile i…

D’fhógair an tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2025 ag ócáid mhór cheiliúrtha d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge, in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, an Taibhdhearc, i nGaillimh Dé Máirt seo caite. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) ar Bódléar, leabhar cumhachtach samhlaíoch ó pheann Dharaigh Uí…

Tá breis is €300 milliún de mhaoiniú curtha ar fáil ag Fuaim & Fís do nach mór 5,000 tionscadal lena gcraoladh ar theilifís agus raidió, sé thionscadal a ainmníodh do ghradam Oscar ina measc Arna mhaoiniú ag an Táille Ceadúnais Teilifíse agus maoiniú an státchiste, tugann Fuaim & Fís tacaíocht ríthábhachtach do léiriúcháin neamhspleácha Éireannacha,…

Beidh Kayleigh Trappe ag bualadh bóthair i gclár faisnéise nua chun casadh le foghlaimeoirí a bhfuil oideachas trí Ghaeilge glactha chucu féin acu Beidh réalta TikTok, imreoir fichille Meicsiceach-Veiniséalach, dochtúir óg as an mBanglaidéis, saor bád as Conamara agus cailín as Loch Garman a rinne turas 300km chun freastal ar scoil páirteach i gclár faisnéise…
Kate Ní DhúbhlaoichFeidhmeannach Cumarsáide Chonradh na Gaeilge Den chéad uair le breis agus deich mbliana beidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag dul chun sráide i mbun agóid náisiúnta. Dé Sathairn an 20 Meán Fómhair baileoidh na mílte ag Cearnóg Parnell do CEARTA: Agóid Náisiúnta na nGael. Tá an Ghaeilge faoi bhláth. Cloistear í…