A Eagarthóir, a chara, Scríobhaim chun An Páipéar ag tagairt don alt An bandia í Bríd? a foilsíodh in eagrán na seachtaine seo caite. Go hachomair, píosa a thug le tuiscint ná fuil i gceist le Naomh Bríd ach athshamhlú Críostaí ar bhandia págánach. Thug an t-alt le fios go ndéanfaí dhá thaobh na hargóna a…
An glas triarach Is é atá sa ghlas triarach ná ráthaíocht ńo geallúint do mhuintir na hÉireann nach mbeidh arm na hÉireann páirteach i gcoimeád na síochána i láithreacha cogaidh gan 3 choinníoll: údarú na Náisiún Aontaithe, na Dála,agus an rialtais, agus nach mbeidh níos mó ná seachtar acu ann ag aon am amháin. Nuair a…
A eagarthóir a chara, Tá an Nollaig buailte linn! “Le coinnle na n-aingealTá an spéir amuigh breactha,Tá fiacail an tseaca sa ghaoth ón gcnoc.Adaigh an tine is téir chun na leapanLuífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht” Tá sceitimíní san aer, tá na siopaí lán, muintir an tí ag ullmhú don lá mór ,na…
A Eagarthóir, a chara, Tá pobal Gaza ina gcónaí i bpobail faoi uisce, agus tuilte thart orthu, i measc a gcuid tithe leagtha go talamh. Tá buamaí agus saighdiúirí iosrael ag marú fear, ban agus páistí gach lá, agus easpa bia, cóir leighis agus gach rud beo atá ag teastáil don saol laethiúil á gcosc orthu…
A Eagarthóir, a chara, Cén fáth nach raibh Zelenskyy ag dul i dtreo Mhoscó ag iarradh síocháin a phlé, seachas a bheith anseo? Tháing sé anseo le cumadh teimhil (bhí drochiompar ag a chomhairleor, Andriy Yermak, sílim, le déanaí) chun aiséirí arís le lútáil ar ár rialtas agus ar an bhFrainc! Bhí an chuairt seo…
A Eagarthóir, a chara, “Is deas liom turas istigh i mbus.Is suíochán fúm ag luascadh,Lá breá geal, mé féin go slánIs an bus thar barr ag gluaiseacht” Tá athruithe móra i ndán do Bhus Átha Cliath le cúpla bliain. Tá uimhir 79 imithe le tamall. Thugadh sé sin mé ó Ché na gCeannaithe go Príosún…
Bua mór don Ghaeilge A Eagarthóir, a chara,Is bua mór don Ghaeilge Catherine Connolly a bheith tofa mar Uachtarán na hÉireann. Beidh sí mar thuar dóchais duinn go léir, go háirithe daoine óga, a rinne sárobair ar a feachtas. Tá gluaiseacht nua bunaithe aice, Ardaigh do Ghlór, agus tá áit dúinn uilig sa ngluaiseacht sin.…
An aghaidh sa scáthain A Eagarthóir, a chara, Nuair a fhéachaim sa scáthán, cím mise. Tá a fhios agam gur mise atá ann. Nuair a shiúlaim síos an bóthar, is mise fós mé. Ní gá dom cárta aitheantais a bheith agam, tá cárta taistil agus pas agam. Tá critheagla orm roimh an gcárta aitheantais leictreonach…
A Eagarthóir, a chara Agus muid ag teannadh le deireadh an fheachtais Uachtaránachta go gairid, níl íontas orainn go bhfuil Catherine Connolly fós chun tosaigh. Níl comparáid ar bith idir í féin agus na hiarrthóirí eile: an tUasal Gavin éirithe as, cé gur labhair ceannaire Fhianna Fáil ar a shon leis na meáin gach lá,…
An Phalaistín, an Úcráin agus an dá Bhalla Bheirlín nua A Eagarthóir, a chara, Bíodh deireadh leis an gheamaireacht faoin Úcráin idir Trump agus Putin agus deireadh fosta leis an tslad agus ár de shíor ar siúl in Gaza agus ar an Bhruach Thiar. Tóg macasamhail Bhalla Bheirlín idir an Úcráin agus an Rúis. Déan…