Áireamhán fógraíochta

Faoi Alt 10A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 tá ar chomhlachtaí poiblí 5% dá mbuiséad fógraíochta bliantúil a chaitheamh ar na meáin Gaeilge: ‘Cinnteoidh comhlacht poiblí … go ndéanfar 5 faoin gcéad ar a laghad d’aon airgead a chaithfidh an comhlacht ar fhógraíocht in aon bhliain a úsáid chun fógraíocht a chur amach i nGaeilge trí na meáin Ghaeilge’. Tá freisin ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraí a bheith i nGaeilge: ‘Cinnteoidh comhlacht poiblí … gur i nGaeilge a bheidh 20 faoin gcéad ar a laghad d’aon fhógraíocht arna déanamh ag an gcomhlacht in aon bhliain’. Is féidir na fógraí Gaeilge sin a chur i meáin Gaeilge chomh maith le meáin Bhéarla.

An Páipéar anseo le cuidiú le comhlachtaí poiblí an t-acht a chomhlíonadh.

Chun a fháil amach cé mhéad atá le caitheamh ag do chomhlacht chun an 5% de bhuiséad agus 20% d’fhógraí a bhaint amach tá áireamháin ag An Páipéar chuige sin. Féach thíos.

Chun fógra a chur in An Páipéar is féidir dul i dteagmháil le Caoimhín ag 046 908 5013 nó fograi@anpaipear.ie.


An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.