Gealltanais na bpáirtithe nochtaithe ag “Gaelvóta”

Dianscrúdú déanta ar sheasamh na bpáirtithe polaitíochta maidir leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht.

Tugadh le fios seasamh na bpáirtithe polaitíochta maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta an tseachtain seo nuair a foilsíodh torthaí “Gaelvóta.”

Rinne an suirbhé “Gaelvóta” dianscrúdú ar fhorógraí olltoghcháin na naoi bpáirtithe a bhfuil ionadíocht acu sa Dáil le tuairisc a dhéanamh ar a ngealltanais a bhaineann le hinfheistíocht, oideachas agus tithíocht Gaeltachta agus aire sinsearach don Ghaeilge.

Maidir le cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht, tá ceithre mhóréileamh á ndéanamh ag an ngrúpa stocaireachta Tinteán agus taispeánann an suirbhé “Gaelvóta” go bhfuil gach páirtí sásta dhá cheann de na héilimh seo a ghealladh.

Grianghraf: Conradh na Gaeilge ar Twitter/X

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!