Géarú ar an gcogadh is ea é diúracáin fadraoin a úsáid

Pléann Domhnall Mac Concharraige an fhorbairt nua sa chogadh idir an Rúis agus an Úcráin

Dar le Putin géarú ar an gcogadh is ea é diúracáin fadraoin a úsáid. Tharla an ionsaí ATACMS (Army Tactical Missile System) Dé Máirt an 19 Samhain, arb í an 1000ú lá den chogadh. Ba é sin an chéad uair a bhain na hÚcránaigh úsáid as na diúracáin a fuair siad ó Mheiriceá. Mhaígh na Rúisigh gur éirigh leo 5 dhiúrachán a scaoileadh anuas. I ráiteas ar Telegram, dúirt Roinn Cosanta na Rúise go ndearnadh an t-ionsaí in Bryansk, réigún in aice le teorainn thuaidh na hÚcráine. Rinneadh damáiste do cheann eile, rud a thosaigh tine i láthair mhíleata sa réigún dar leis an Roinn. Níor bhfuair aon duine bás agus múchadh an tine.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!