Eoin Ó Murchú
Buaicphointe na seachtaine ó thaobh nuacht pholaitiúil de ab ea an díospóireacht – dá mba díospóireacht í – ar RTÉ idir deichniúr ceannairí páirtithe.
Bhí leagan amach an chláir go hainnis ar ndógh, mar ní féidir díospóireacht idir deichniúr a choinneáil ag dul ar aghaidh go beo. Ghlac na trí mhórpháirtí, Sinn Féin, Fine Gael agus Fianna Fáil, an chuid ba mhó den am sa deireadh, leis na ‘ceannairí’ eile fágtha ar an imeall.
Ina seasamh in aice lena chéile, agus iad aontaithe go nimhneach i gcoinne Shinn Féin, dhealraigh sé nach raibh puinn difríochta idir Simon Harris is Micheál Martin.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!