Cur síos ar Chomhdháil Bheirlín agus a tionchar ar an Afraic sa lá atá inniu ann
Ceann de na fadhbanna is mó a ghoilleann ar Ilchríoch na hAfraice ná na línte agus na teorannacha a tarraingíodh de dheasca na gabhála a rinne Impireachtaí na hEorpa le linn an Sciobtha ar an Afraic sna 1880í.
Ag Comhdháil Bheirlín sa bhliain 1884 a rinne na himpireachtaí seo an ilchríoch seo a dheighilt eatarthu féin, agus críocha, pobail agus acmhainní a shlogadh chucu féin. Thit na himpireachtaí seo – an Bhreatain, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Spáinn, an Phortaingéil agus an Bheilg – i mullach a chéile leis an ilchríoch a shlogadh i dtréimhse ghearr de bhlianta agus faoi thús an fhichiú haois, bhí siad i gceannas ar gach cuid den Afraic.
Dúshaothrú amach is amach a chleachtaigh na hEorpaigh ar chríoch agus ar mhuintir na hAfraice, agus tharla rudaí brúidiúla agus fiáine do na daoine dúchasacha seo. Ach seasann na Beilgigh amach leis an ifreann a bhunaigh siad sa Chongó. Níor chóilíneacht oifigiúil de chuid na Beilge a bhí ann fiú, ach gabháltas pearsanta de chuid Rí na Beilge agus meastar go bhfuair 10 milliún duine – leath an daonra, mar dhea – bás agus é ag saothrú ollsaibhreas na bplandálacha rubair agus na mianacha.