Síobhra Aiken
Tá an foréigean i gcoinne na mban i mbéal an phobail arís. Bhí níos mó glaonna ar Ionad Bhaile Átha Cliath um Ghéarchéim Éignithe go dtí seo sa bhliain 2024 ná bliain ar bith eile riamh. Is baolach freisin gur ‘eipidéim’ anois é marú na mban in Éirinn. Maraíodh seisear ban sa Tuaisceart ó bhí mí Bhealtaine ann.
Cén fhreagracht atá ar na meáin agus na scéalta sin á dtuairisciú acu? An chun leas na mban na staitisticí a thugtar ar an nuacht, nó an ndéanann na figiúirí loma seo normalú ar an bhforéigean? Ceisteanna iad sin a ardaítear in eagrán mhí na Samhna de Comhar, arb éard atá ann móreagrán speisialta faoi litríocht chomhaimseartha na mban. Ceann de na mórthéamaí a thagann chun cinn sna haistí critice – ina ndéantar anailís ar shaothar le 17 mbanscríbhneoir – ná an aird leanúnach a tharraingíonn scríbhneoirí na Gaeilge ar an bhforéigean i gcoinne na mban, idir fhoréigean baile, fhoréigean gnéis agus fhoréigean fisiciúil.