Tugann Kneecap Cuairt ar Ibrox i nGlaschú roimh cheolchoirm

Domhnall Mac Concharraige

Bhí deireadh seachtaine fada ag Kneecap. Dé hAoine an 15 Samhain, bhí siad i gcathair Mhanchain le haghaidh ceolchoirme. An lá dár gcion bhí siad i nGlaschú do cheolchoirm eile. Tá siad ar thuras timpeall na Breataine Bige, Alban agus Sasana faoi láthair. Tá siad ar camchuairt chun a gcéad albam “Fine Art” a sheoladh. Bhí grianghraif póstáilte ar na meáin sóisíalta díobh féin taobh amuigh de Staid Rangers, Ibrox, chomh maith roinnt greamán dá gcuid féin a raibh “Britain get out of Ireland” scríofa orthu curtha suas in aice le suaitheantas Rangers. 

Kneecap: DJ Próvaí, Mo Chara agus Móglaí Bap taobh amuigh de Ibrox
Griangraf: Kneecap/X

Ní ba luaithe sa bhliain seo, tháinig an scannán Kneecap amach agus bhí sé thar a bheith rathúil. Léiríonn an scannán bunú an bhanna ceoil nuair a bhí siad ní b’ óige agus léiríonn siad meon díchóilínithe, cé nach bhfuil sa scannán ach saothar leathfhicsin. Tá sé ainmnithe mar rogha na hÉireann do chomórtas na Oscars in 2025. 

Beidh Kneecap ag glacadh páirt sa “Gig for Gaza” i Mí na Nollag i Londain. Dúirt Móglaí Bap le linn an tseó i Manchain gur chaith sé gach maidin sa tseachtain ag rith deich gciliméadar ag tiomsiú airgead ar son na Palastíne. Tá fiche mile euro faighte aige ag an bpointe seo.