Ionad Oidhreachta Ardach i gContae Longfoirt

A Eagarthóir, a chara,

Bhí an-díoma orm a chloisteáil le gairid go bhfuil baol ann go ndúnfar Ionad Oidhreachta Ardach i gContae Longfoirt. Is as an Longfort dom féin, tagaim ar ais chuige go minic le mo ghasúir, agus bainimid an-sult as na hócáidí staire agus oidhreachta a bhíonn ar siúl ann. San Ionad Oidhreachta seo a d’fhoghlaimíomar na scéalta faoi Mír agus Eatáin, agus carachtair eile ó mhiotaseolaíocht na hÉireann.

Cáilliúint mhór don dúiche a bheadh ann dá ndúnfaí Ionad Oidhreachta Ardach. Ní hamháin go mbíonn eolas ar stair na háite agus imeachtaí sóisialta ar siúl ann, cosúil le hImeacht na Samhna, Ceardlann Scríbhneoireachta, Margadh Ceardaíochta, srl., ach tá siopa ann freisin ina ndíoltar earraí agus ceardaíocht áitiúl, chomh maith le leabhair Ghaeilge agus Bhéarla.

De réir an Longford Leader, níl an léas á athnuachaint ag Deoise Ardach agus Chluain Mhic Nóis. Ba chóir do Chomhairle Contae an Longfoirt tarrtháil a thabhairt agus an cás a réiteach gan mhoill, ionas go leanfaidh Ionad Oidhreachta Ardach ar aghaidh ag tacú leis an bpobal áitiúil agus le cuairteoirí araon.

Is mise,

Eibhlín Ní Phríosáin
Luimneach


Astaíochtaí Carbóin

A chara,

Molann Seathrún Sardina “réabhlóíd shíochánta” chun troid in aghaidh an athraithe aeráide, (An Páipéar, an 15 Samhain 2024). Maidir le muintir na 26 Chontae, léirítear sa tuarascáil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) go bhfuil sé beagnach cinnte go dteipfidh go mór ar an Stát a spriocanna gníomhaíochta aeráide a bhaint amach roimh 2030.

I mí na Bealtaine 2024, dúirt Marie Donnelly, Cathaoirleach na Comhairle Comhairleach um Athrú Aeráide, “Cé go bhfuil dul chun cinn déanta maidir lenár n-astaíochtaí carbóin a laghdú, ní leor an méid sin chun ár spriocanna aeráide náisiúnta féin agus cinn an AE a bhaint amach. Gan gníomhaíocht láithreach agus chinnte, d’fhéadfadh an costas a bhaineann le mainneachtain an Stáit spriocanna an AE a bhaint amach dul thar €8 mbilliún don tréimhse go 2030.” 

Tá géarcháineadh déanta ar an gcostas a bhain le botháinín rothar lasmuigh den Dáil, ach níl díospóireacht ar bith ar an bhfíneáil ollmhór de chuid an AE a ghearrfar ar cháiníocóirí in 2030 mura n-athraímid cúrsa.

Tá géarghá vótáil anois do na páirtithe polaitíochta a bhfuil pleananna soiléire um ghníomhú aeráide acu, chomh maith le pleananna chun pobail áitiúla a chumasú ar mhodh daonlathach a lorg carbóin a laghdú. D’fhéadfadh vóta a chaitheamh ar son ghníomhú aeráide ar an 29 Samhain a bheith mar thús leis an “réabhlóid shíochánta” atá molta ag Seathrún Sardina, agus d’fhéadfadh sé na billiúin Euro a shábháil chomh maith céanna. 

Seán Ó hAodha,
Indreabhán,
Conamara


Beir Bua le Trump

A Chara,

Tá rogha déanta ag saoránaigh na Stát Aontaithe go mbeidh Dónal Trump (arb é MacLeòid sloinne a mháthar) mar an 47ú Uachtarán ar an 6 Eanair 2025. Táimse sásta leis an rogha sin fresin, mar tá sé geallta aige, arís is arís eile, go mbeidh laghdú ar chogaíocht mórthimpeall an domhain, faoi dheireadh.

Tá muinín agam go mbeidh deireadh le gach cogadh go luath. Agus agóidí ar son mhuintir Ghasá ar siúl timpeall na tíre go rialta, tá súil agam go mbeidh an ceann deireannach againn go luath in 2025.  Beidh sos cogaidh socraithe ag Dónal agus é ag cur smacht ar an sléacht Iosraelach-Siónach, arb é Netanyahu is cúis leis, go forleathan. (Ní raibh mórán cairdis eatarthu riamh!) Ní hamháin sin, ach san Úcráin, sa tSín, in Éimin, san Iráin agus srl. Beidh Dónal ag déanamh a dhícheall i rith a thréimhse go dtí an 6 Eanair 2029. Beidh an roth ag iompú ar an chóras lofa (is é sin le rá coimpléasc Míleata agus NATO), tá súil agam. 

Is fear gnó é go príomha, agus is airgid ($$$$$) amú é gach cogadh, sléacht ar an daonra, teannas ó ghlúin go glúin ina dhiaidh gach cogadh. Agus tá súil agam, trí mhainneachtain, go mbeidh deireadh anseo le heitiltí míleata trí Aerfort na Sionainne go luath – cúis dóchais dúinne agus do neodracht na tíre fresin.

Tá dóchas agus muinín agam arís, ní hamháin de bharr dhea-iompar agus dhea-bhainistiú Dhónail sna Stáit Aontaithe, ach ach de bharr thionchar Mheiriceá trasna na dtonnta sa tír seo freisin, le cúnamh Dé, go mbeimid ag dul i dtreo na síochána ón 6 Eanáir.

Is mise,

Tadhg Ó Cruadhlaoich
Breachnach,
Rath Iomgháin,
Co. Cill Dara