Amhrán na Seachtaine: Bean Pháidín

Curfá:

‘S é’n trua nach mise, nach mise,

‘S é’n trua nach mise bean Pháidín.

‘S é’n trua nach mise, nach mise,

‘S an bhean atá aige bheith caillte.

Rachainn go Gaillimh go Gaillimh,

Is rachainn go Gailli’ le Pháidín.

Rachainn go Gaillimh go Gaillimh,

Is thiocfainn abhaile sa mbád leis.

(Curfá)

Rachainn go haonach an Chlocháin,

Is siar go Béal Á’ na Báighe.

Bhreathnóinn isteach tríd an bhfuinneog,

A’ súil is go bhfeicfinn bean Pháidín.

(Curfá)

Go mbristear do chosa, do chosa,

Go mbristear do chosa ‘bean Pháidín.

Go mbristear do chosa, do chosa,

Go mbristear do chosa ‘s do chnámha

(Curfá)

Chaith mé mo bhróga, mo bhróga

Chaith mé mo bhróga i ndiaidh Pháidín

Chaith mé mo bhróga, mo bhróga

Chaith mé na boinn is na sála.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!