Cathal Ó Murchú
Le linn olltoghchán na Moldóive a reachtáladh ag an deireadh seachtaine seo caite, tuairiscíodh sna gnáthmheáin go forleathan i dtíortha an Iarthair go raibh buairt mhór ann faoi chur isteach nó ladar na Rúise. Níor tugadh mórán sonraí faoi seo ar ndóigh, nó sonraí ar bith i bhfírinnel, faoi cad go díreach a bhí ar siúl seachas líomhaintí neamhdheimhnithe. Mar sin cad go díreach a tharla?
Tá rialtas reatha Maia Sandu agus a páirtí an PAS, atá báúil leis an Iarthar, in iomaíocht leo siúd nach bhfuil, agus deir meáin an Iarthair go bhfuil siad búúil leis an Rúis. I bhfírinne tá an freasúra ar son cúrsa níos neamhspleáiche gan bheith greamaithe leis an Iarthar, na Stáit Aontaithe, an tAontas Eorpach agus a gcomhghuaillithe, nó leis an Oirthear, an Rúis.
Chun tuiscint a fháil ar na cúrsaí seo, tá se tábhachtach dul i ngleic le comhthéacs pholaitíocht na Moldóive. Tá dhá chuid den tír in adharca a chéile maidir le todhchaí na tíre agus í i lár an aonaigh maidir le coimhlint gheostraitéiseach idir an tIarthar agus an Rúis, chomh maith le cogadh na hÚcráine a bheith ar siúl sa chúlra. Tá cuid amháin den tír ag iarraidh luí le ECAT agus leis an Aontas Eorpach, agus an chuid eile ag iarraidh a bheith neamhspleách le dea-chaidreamh acu leis an Rúis.