Starmer i dTrioblóid agus tacaíocht Pháirtí an Lucht Oibre in ísle brí

Eoin Ó Murchú

In ainneoin a chainte dána ag comhdháil Pháirtí an Lucht Oibre i Sasana, nuair a thug sé faoi Athchóiriú RA, páirtí Nigel Farage, is cosúil go bhfuil príomh-aire na Ríochta Aontaithe, Keir Starmer, i dtrioblóid agus an-amhras ann an mairfidh sé rófhada eile mar cheannaire ar an bpáirti.

Léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre in ísle brí, agus an tacaíocht is lú acu ná aon pháirtí rialtais riamh. Dá mbeadh toghchán ann amárach is ag Athchóiriú RA a bheadh an bua agus bheadh siad i gceannas ar an rialtas.

Agus cuireann baill Pháirtí an Lucht Oibre an milleán ar Starmer.

Mar fhreagra tá Starmer ag iarraidh freastal ar an da thrá maidir le hinimirce, scéimeanna le hinimirce a laghdú ar thaobh amháin (scéimeanna nach  bhfuil ag éirí leo) agus ar an taobh eile Athchóiriú RA a ionsaí mar gheall ar an gciníochas agus easpa daonnachta a bhaineann lena gcur chuige siúd i dtaobh an scéil.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.