Cathal Ó Murchú
Ó rinne treallchogaithe Hamas agus grúpaí frithbheartaíochta Palaistíneacha eile ionsaí ar chríoch aitheanta Iosrael in aice le Stráice Gaza ar an 7 Deireadh Fómhair 2023, d’eascair mórimeachtaí tromchúiseacha uaidh agus chuir sé tús le feachtas iomlán cinedhíothaithe de chuid Stát Iosrael ar mhuintir Gaza. Meastar go bhfuair 1,200 Iosraelach bás agus gur gabhadh 251 Iosraelach mar ghialla nuair a ionsaíodh beairicí agus sráidbhailte kibbutz de chuid Iosrael, chomh maith le féile cheoil ar a dtugtar Nova. Ba iad Hamas den chuid is mó a bhí taobh thiar den ionsaí seo, ionsaí a bhain preab mór as na hIosraelaigh agus nach raibh aon choinne acu leis de réir dealraimh. Nó an raibh ag cuid acu?
Rud eile a d’eascair ón ionsaí ná líomhaintí agus bréagscéalta nach bhfuil aon bhunús leo. Fós níl fiosrúchán déanta ag stát Iosrael lena fháil amach cad go díreach a tharla ar an lá sin agus spreagann sé sin ceisteanna faoin bhfáth nach bhfuil. Rinne Hamas, atá mar rialtas tofa na Palaistíne, tuairisc ar an ngníomh míleata. D’admhaigh siad go raibh botúin déanta acu san ionsaí.
Chuir na hIosraelaigh i leith Hamas go ndearna siad olléigniú ar mhná Iosraelacha agus gur mharaigh siad leanaí nuabheirthe trí iad a dhícheannú, chomh maith le sibhialtaigh Iosraelacha a mharú. Mar a tharlaíonn, níl aon fhianaise ann gur tharla a leithéid agus níl aon mhná Iosraelacha ag rá go ndearnadh ionsaí gnéis orthu nó tuismitheoirí ag rá gur dícheannaíodh a leanaí. Fós, ní chuireann sé sin stad le scéalta den chineál sin a scaipeadh d’aon ghnó i ngnáthmheáin an domhain.