Dorn San Aer seolta ag Ambasadóir na Palaistíne go hÉirinn

Ambasadóir na Palaistíne an Dr. Jilan Wahba Abdalmajid ag casadh le teaghlach as Gort an Choirce ag an fhéile Dorn san Aer i nGaoth Dobhair

In Amharclann Ghaoth Dobhair Dé hAoine seo caite sheol Ambasadóir na Palaistíne go hÉirinn, an Dr. Jilan Wahba Abdalmajid, an dara féile Dorn san Aer, chun tús a chur le deireadh seachtaine óllmhór d’imeachtaí i gcuimhne ar an iarchraoltóir aitheanta, Rónán Mac Aodha Bhuí.

Agus í ag caint ina teanga dhúchais, an Araibis, agus aistriúchán Gaeilge teilgthe ar an ardán, dúirt an t-ambasadóir go dtuigeann sí an cháil a bhí ar Rónán mar laoch ar son na Gaeilge agus mar shárchraoltóir a bhí ábalta dul i bhfeidhm ar dhaoine.

“Inniu agus mé anseo in bhur láthair, mothaím a oidhreacht agus an lorg a d’fhág sé oraibh. Mothaím an grá ata ag an phobal seo dó,” a dúirt sí.

“Is mór an onóir dom a bheith anseo inniu ag an fhéile aitheanta seo, Dorn San Aer, i nGaoth Dobhair, áit a bhfuil stair fhada de streachailt in éadan an choilíneachais.”

Labhair sí chomh maith faoi thabhacht na teanga.

“Gné bhunúsach de chultúr náisiúnta ar bith atá i dteanga. Láidríonn an teanga féiniúlacht an phobail agus caomhnaíonn sí an stair agus an oidhreacht do na glúine atá le teacht.

“D’fhoghlaim mise seo ó bheith ag caomhnú mo theanga féin, agus rinne mé sáriarracht í a thabhairt do mo chuid páistí, nuair a bhí siad i bhfad ó bhaile ón Phalaistín. Bhí rún daingean agam i gcónaí mo chlann a thabhairt liom ar ais abhaile agus mé ar cuairt chuig mo mhuintir sa Phalaistín.

“Bhí seo uilig dian agus deacair orm leo ag an tús. Ach tá a fhios againn, le líofacht a bhaint amach i dteanga, gur gá cónaí a dhéanamh i measc an phobail a bhfuil sí ina teanga laethúil acu.

“Níor thaitin sé leis na páistí a bheith ag déanamh obair bhreise ar an Araibis i ndiaidh am scoile ná ag an deireadh seachtaine. Ach chuir mé suas dá ngearán gach deireadh seachtaine nuair a bhí siad ar scoil, agus sa deireadh chríochnaigh siad an mheánscoil agus an Araibis ar a dtoil acu mar a ba mhian liom. Tuigeann siad anois gur fiú mo rún daingean agus an fhoighne, agus tuigeann siad anois chomh tábhachtach is atá an teanga.

“Tá bród orm as mo theanga dhúchais, an Araibis agus as bheith ábalta í a thabhairt do mo chlann. Mholfainn do chách go múinfí teanga do pháistí agus iad óg, mar go mbíonn sé i bhfad níos deacra í a shealbhú agus iad fásta.

Is í an teanga ar mbaile. Ná caillimis í.”

Lean an féile ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh le bannaí ceoil ar ardáin éagsúla, meascán craiceáilte ilghnéitheach de ghrúpaí agus d’imeachtaí. Le linn an deireadh seachtaine bhí rac, hip-hop, traid-leictreach, ceol Gaelach, ska, reggae, chomh maith le cainteanna spreagúla, lá teaghlaigh, comórtas Cath na mBannaí, RACADAMH agus go leor eile ar siúl.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.