Bronnann Glór na nGael €45,000 ar Chumann Corráin Dheirg na Palaistíne agus feachtas á leathnú go dtí scoileanna agus sprioc ardaithe go €60,000

Daltaí ó thrí bhunscoil lán-Ghaeilge, Scoil Mológa, Gaelscoil Cholmcille agus Gaelscoil Bharra

Ag ócáid a d’óstáil Crois Dhearg na hÉireann ag a ceannáras, 16 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, bhronn Glór na nGael suim €45,000 ar Chumann Corráin Dheirg na Palaistíne. 

Bhí an Dr Jilan Wahba Abdalmajid, Ambasadóir Stát na Palaistíne in Éirinn, i láthair mar aon le Deirdre Garvey, Ard-Rúnaí Chrois Dhearg na hÉireann.

Ghlac daltaí ó thrí bhunscoil lán-Ghaeilge, Scoil Mológa, Gaelscoil Cholmcille agus Gaelscoil Bharra, páirt san ócáid, ag léiriú dlúthpháirtíocht leis na teaghlaigh atá ag fulaingt de dheasca na géarchéime in Gaza.

Seoladh feachtas Ná dún do shúile i mí na Bealtaine le sprioc €20,000 a thiomsú do Chumann an Chorráin Dheirg. Buíochas le flaithiúlacht na gclubanna CLG, na ngrúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta, na líonraí teaghlaigh agus na ngnólachtaí a n-oibríonn Glór na nGael leo, sáraíodh an sprioc agus baineadh €45,000 amach, suim a aistríodh chuig Cumann an Chorráin Dheirg inniu chun tacú leis an obair thábhachtach a dhéanann siad.

Mar chuid den fheachtas, eagraíodh bailiúcháin trí mhaidineacha caife, tráthanna na gceist, comórtais spóirt, etc. Rinne Glór na nGael bioráin leis an mana “Síocháin don Phalaistín” agus greamáin carr, a tháirgeadh. Tá siad ar fáil trí siopaudar.ie/product/palaistin/, áit ar féidir síntiúis a dhéanamh go fóill. Seolfar na hearraí tríd an bpost.

Feachtas á leathnú le comhpháirtithe náisiúnta oideachais

Tá áthas ar Ghlór na nGael a fhógairt go leanfaidh an feachtas ar aghaidh i gcomhpháirt leis an bhForas Pátrúnachta, an pátrún is mó scoileanna lán-Ghaeilge in Éirinn a bhfuil 80 scoil faoina phátrúnacht, agus le Gaeloideachas, a thacaíonn le hoideachas lán-Ghaeilge ar fud na tíre ag an mbunleibhéal agus ag an leibhéal iar-bhunscoile.

Dúirt Mairéad Ní Cheallaigh, Leas-Chathaoirleach Bhord Stiúrtha Ghlór na nGael:

“Is léiriú é an bronnadh seo ar atrua agus cineáltas phobal na hÉireann. Ón gclubtheach go dtí an seomra ranga, tháinig daoine le chéile chun tacú leis an PRCS atá ag obair i gcúinsí dainséaracha chun páistí agus teaghlaigh a chosaint. Tá ár dteachtaireacht an-simplí: ná dún do shúile”

Ag labhairt ag an ócáid, chuir Deirdre Garvey, Ard-Rúnaí Chrois Dhearg na hÉireann, teachtaireacht láidir buíochais in iúl thar ceann Chumann Corráin Dheirg na Palaistíne. Dúirt sí, “Tá an iarracht mhór agus an tacaíocht atá léirithe ag pobal na Gaeilge tar éis dul i bhfeidh go mór ar an Palestine Red Crescent Society. Neartaíonn bhur ndlúthpháirtíocht ár gcuid oibre agus meabhraíonn sí dúinn nach bhfuilimid inár n-aonar inár misean chun cúnamh daonnúil ríthábhachtach a chur ar fáil.”

Chuir Deirdre in iúl freisin go raibh áthas ar Chrois Dhearg na hÉireann go leanfaidh an feachtas tiomsaithe airgid ar aghaidh, agus dúirt sí freisin go bhfuil an tacaíocht leanúnach ríthábhachtach d’obair Chumann an Chorráin Dheirg atá ag sábháil beatha daoine.

Ghabh Glór na nGael buíochas le Crois Dhearg na hÉireann as a gcabhair leis an ócáid bhronnta a eagrú inniu agus chuir siad a mbuíochas ó chroí in iúl dá soilse an Dr Jilan Wahba Abdalmajid as a bheith i láthair.

Conas tacú

Déan síntiús nó ordaigh bioráin agus greamáin ag siopaudar.ie/product/palaistin/. Seolfar na hearraí tríd an bpost.

Grúpaí pobail, clubanna agus scoileanna: eagraigh bailiúchán áitiúil, e.g. maidin chaife, tráth na gceist, blitz spóirt, etc. Déan teagmháil le palaistin@glornangael.ie

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.