
Sheol Comhairle Contae an Chláir agus An Clár as Gaeilge an feachtas pobail Inis Dom, a bhfuil sé mar aidhm aige úsáid agus infheictheacht na Gaeilge a mhéadú i siopaí agus gnólachtaí seirbhíse bhaile Inse.
Tá an dara céatadán is airde de chainteoirí Gaeilge sa stát ar an gClár, 47%. Spreagann an tionscnamh gnólachtaí áitiúla an Ghaeilge a úsáid i seirbhís do chustaiméirí, comharthaíocht, biachláir, suíomhanna gréasáin agus meáin shóisialta. Cuirtear tacaíocht ar fáil trí chabhair a chur ar fáil le maoiniú a fháil agus trí sheirbhísí aistriúcháin, oiliúint agus ábhair bholscaireachta a chur ar fáil.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Paul Flanagan, iarimreoir iomána le Contae an Chláir a bhfuil bonn uile-Éireann aige agus atá ina ambasadóir don fheachtas, “Tá an Ghaeilge mar chuid dár bhféiniúlacht anseo ar an gClár. Is iontach an rud é gnólachtaí áitiúla a fheiceáil agus iad ag glacadh leis an teanga agus á tabhairt isteach sa saol laethúil. Is bealach praiticiúil agus dearfach é Inis Dom chun an Ghaeilge a thabhairt ar ais go croílár an phobail.”
Dúirt Emer O’Flaherty, amhránaí, cumadóir agus ceoltóir, agus comhambasadóir, “Tá teanga agus cultúr fite fuaite ina chéile. Tá áthas orm tacú le hInis Dom mar go gcruthaíonn sé spás ina bhfuil an Ghaeilge le feiceáil, le cloisteáil agus le ceiliúradh. Is faoin teanga a dhéanamh inrochtana agus taitneamhach do chách atá sé.”
Tá sé mar aidhm leis an tionscadal aird a tharraingt ar na buntáistí cultúrtha agus eacnamaíochta a bhaineann le húsáid na Gaeilge sa ghnó. Tá Inis Dom ag fáil tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge faoin Scéim Tacaíochta Gnó, a chuireann maoiniú ar fáil do chomharthaíocht dhátheangach agus d’acmhainní chun cabhrú le gnólachtaí an Ghaeilge a úsáid. Tá an tionscadal ag fáil tacaíocht ó Ghlór na nGael, ó Chomhlachas Tráchtála Inse, ó Ennis 2040 agus ó Oifig Fiontair Áitiúil an Chláir chomh maith.
Dúirt Ruairí Henchy, Oifigeach Forbartha Gaeilge/Oifigeach Cumarsáide, Comhairle Contae an Chláir, “Is é mana an fheachtais ná ‘Frásaí Beaga, Tionchar Mór – Small Phrases, Big Impact’, agus tá sé mar aidhm aici an Ghaeilge a bhaint ó chló na leabhar go béal an phobail in Inis agus níos faide i gcéin. Moltar do shiopadóirí tosú le “Dia duit – Hello” agus a bheith ag faire amach don bhiorán agus don ghreamán Inis Dom! agus iad ag siopadóireacht in Inis.”
Dúirt Leah Ní Thailtigh, Oifigeach Pleanála Teanga, An Clár as Gaeilge, “Tá Inis Dom ag tógáil ar stádas bhaile Inse mar Líonra Gaeilge trí Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí agus níos inúsáidte sa ghnó laethúil. Tugann an feachtas seo na huirlisí agus an tacaíocht do ghnólachtaí áitiúla an teanga a thabhairt chun beatha ar bhealaí praiticiúla.”
Tá sé saor in aisce do ghnólachtaí a bheith páirteach, agus cuirtear tacaíocht phearsantaithe ar fáil chun cabhrú leo an Ghaeilge a chur i bhfeidhm ina gcuid oibríochtaí. Chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh agus tacaíocht a fháil do do ghnó, déan teagmháil le anclarasgaeilge@gmail.com