Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Grianghraf: Kevin Horgan / Cityswift / Flickr
Dár leis an Údarás Náisiúnta Iompair baineann breis is milliún duine úsáid as seirbhísí Bhus Átha Cliath in aghaidh an lae. San alt seo foghlaimeoimid faoi stair Bhus Átha Cliath.
Téann stair Bhus Átha Cliath siar go 1881 nuair a rinneadh cónasacadh ar trí chomhlacht tram i mBaile Átha Cliath. Dublin United Tramways Company (DUTC) an t-ainm a bhí ar an gcomhlacht nua. Bhí tramanna ar fud fad na príomhchathrach ach in 1941 athraíodh an t-ainm a bhí ar an gcomhlacht go Dublin United Transport Company mar gheall ar an laghdú a bhí tagtha ar líon na tramanna. Bhí busanna níos forleithne agus tháinig deireadh le tramanna i mBaile Átha Cliath in 1959. Bhí an t-aistear tram deireanach i mBinn Éadair suite thart ar deich gciliméadar lasmuigh den chathair. Ní bheadh tramanna ar ais ar shráideanna na príomhchathrach go dtí 2004 nuair a thosaigh an Luas.
Nuair a ritheadh an tAcht Iompair san Oireachtas in 1950 rinneadh náisiúnú ar Chóras Iompair Éireann a cheannaigh DUTC in 1941. Athraíodh an comhlacht ó chomhlacht príobháideach go corparáid le bord stiúrtha leis an Aire Iompair i gceannas air. Bhí busanna agus traenacha Chóras Iompair Éireann mar chuid den chomhlacht céanna, ach in 1986 rinneadh comhlacht sealbhaíochta as agus is comhlachtaí oibríocha iad Iarnród Éireann agus Bus Átha Cliath anois.
Anois in 2025 tá breis agus 150 bealach bus acu, le breis agus míle bus acu. Bíonn daoine ag tabhairt amach maidir le cé chomh hiontaofa is atá an tseirbhís, ach bíodh sé maith nó olc, tá Bus Átha Cliath mar chuid de chultúr na príomhchathrach.
Ceisteanna buntuisceanna
- Céard a tharla sa bhliain 1881?
- Cén fáth ar athraíodh ainm DUTC in 1941?
- Cathain a tháinig deireadh le tramanna i mBaile Átha Cliath?
- Cathain a thosaigh an Luas?
- Céard a chur tús le CIÉ?
- Céard a tharla sa bhliain 1986 do CIÉ?
- Cé mhéad bealach bus atá ag Bus Átha Cliath?
- Cé mhéad bus atá acu?