Bhí Kneecap le seinm i gCeanada an mhí seo chugainn, ach chuir rialtas Cheanada cosc ar an ngrúpa dul isteach sa tír. Bhí an grúpa rapcheoil le seinm faoi dhó in Toronto agus faoi dhó in Vancouver i mí Dheireadh Fómhair.
D’uaslódáil an Teachta Parlaiminte Ceanadach Vince Gasparro físeán ag fógairt na nuachta ar an ardán meán sóisialta X. Dúirt sé gur mhéadaigh an grúpa foréigean polaitiúil agus gur léirigh siad tacaíocht go poiblí d’eagraíochtaí sceimhlitheoireachta ar nós Hezbollach agus Hamas. Ina theannta sin, dúirt Gasparro nach léirithe ealaíne ná léirmheastóireacht pholaitiúil dhlisteanach iad, ach go molann siad foréigean agus fuath.
D’fhógair Kneecap ar X go ndéanfaidís caingean dlí agus go mbuailfidís Gasparro sa chúirt mar fhreagairt dhíreach ar an gcinneadh. Chuir an grúpa a frustrachas in iúl ar na meáin shóisialta “táimid tar éis seinm i gCeanada go mion minic gan aon fhadhbanna agus teachtaireacht dlúthpháirtíochta agus ghrá”.