
Céim ar Chéim an t-ainm atá ar ghrúpa nua do thuistí le Gaeilge i gCorcaigh. Hilary Ní Chonchubhair, léachtóir san oideachas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, a bhunaigh an grúpa nuair a saolaíodh mac di i mí Eanáir. Nuair a thosaigh sí ag freastal ar ranganna éagsúla do leanaí, thug sí faoi deara go raibh an-spéis sa Ghaeilge agus sa dátheangachas i measc na máithreacha eile.
“Mar chéad chéim, chruthaigh mé cuntas Instagram agus ag tús an tsamhraidh, fógraíodh ‘céimeanna, comhrá agus caife’,” a dúirt Hilary.
“Táimid ag teacht le chéile i gcathair Chorcaí ar bhonn seachtainiúil ó shin. De ghnáth bíonn idir triúr agus deichniúr i láthair agus pléitear gach ní faoin spéir. Tá an grúpa thar a bheith tuisceanach agus tacúil. Is dócha go dtagraíonn an t-ainm ní hamháin d’aistear an dátheangachais ach d’aistear an tuismitheora nua chomh maith.”
Bhí sé soiléir ón tosach go raibh formhór an ghrúpa ag obair san oideachas, agus go mbíodh Gaeilge in úsáid go laethúil acu sula ndeachaigh siad ar shaoire mháithreachais. Cabhraíonn an grúpa leo Gaeilge a labhairt go rialta fad is atá siad scartha go sealadach ón saol oibre.
“Oibrím trí Ghaeilge agus gan amhras, tá ardchaighdeán ag teastáil. Níl Gaeilge ag mo mhuintir agus tugann an grúpa seo deis dom an teanga a úsáid i gcomhthéacs éagsúil le stór focal nua! I gcúl mo chinn, tuigim go dtiocfaidh deireadh leis an ré speisialta seo agus go bhfuil dul chun cinn gairme tábhachtach fós. Tá an-áthas orm go mbíonn daoine linn a oibríonn in earnálacha eile linn chomh maith agus thug sé ardú chroí dom nuair a chuala mé Daidí ag léamh an leabhair is fearr le Conall, Eoinín ag dul a Chodladh, le déanaí. Is linne go léir an teanga agus déanfaimid gach iarracht Conall a thógáil go dátheangach.”
Tá an grúpa ag súil go mór le himeachtaí trí Ghaeilge amach anseo a bheidh eagraithe i gcomhair Oíche Shamhna agus na Nollag. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Hilary @ceim_ar_cheim ar Instagram.