Eachtraí Foghlama le Kayleigh Trappe

Beidh Kayleigh Trappe ag bualadh bóthair i gclár faisnéise nua chun casadh le foghlaimeoirí a bhfuil oideachas trí Ghaeilge glactha chucu féin acu

Beidh réalta TikTok, imreoir fichille Meicsiceach-Veiniséalach, dochtúir óg as an mBanglaidéis, saor bád as Conamara agus cailín as Loch Garman a rinne turas 300km chun freastal ar scoil páirteach i gclár faisnéise nua a chraolfar ar TG4 faoi bhoird oideachais agus oiliúna na hÉireann. 

In Eachtraí Foghlama le Kayleigh Trappe, ag 7.30 pm Dé Luain an 29 Meán Fómhair ar TG4, tabharfaidh an réalta TikTok ar éirigh léi an babhta ceannais de Dancing with the Stars a bhaint amach cuairt ar a seanscoil i Muineachán. Rachaidh sí go Baile Átha Cliath, Ciarraí, Conamara agus Inis Oírr freisin chun casadh le grúpa éagsúil foghlaimeoirí, atá ar thuras foghlama trí Ghaeilge. Sa chlár, imreoidh Kayleigh ficheall le Samuele Arzate Montalti, foghlaimeoidh sí cróiseáil le Hridita Rahman, beidh sí ag damhsa ar Inis Oírr le hÉadaoin Kinsella O’Neill agus bainfidh sí triail as an tsaoirseacht bád le Páraic Ó hEidhin, a mholann d’fhoghlaimeoirí, “Déan cinnte go bhfíoraíonn tú d’aislingí féin seachas aislingí daoine eile.”

Ag labhairt di faoin tseachtain, dúirt Kayleigh, “Bhí seachtain iontach agam. Is iontach an rud é na deiseanna a chuireann na boird oideachais agus oiliúna ar fáil ar fud na hÉireann a fheiceáil. Bhuail mé le daoine éagsúla ar fud na tíre agus bhí a gcuid scéalta iontacha féin ag gach duine acu. Tá dearcadh dearfach acu ar fad i leith na Gaeilge”. Cuirfidh Kayleigh tús lena cuid eachtraí i gColáiste Oiriall i Muineachán, áit a gcloisfidh sí faoi chomh tábhachtach is atá sé fáilte a chur roimh dhaltaí nach bhfuil aon Ghaeilge acu nó nár fhreastail ar Ghaelscoil riamh, ar nós Kayleigh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.