Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.


Is í bratach náisiúnta na hÉireann í an trídhathach. Is iad uaine, bán, agus oráiste na dathanna atá uirthi. Tá an-stair ag baint léi. Thomas Francis Meaghar a chuir an bhratach thrídhathach ar foluain den chéad uair i gContae Phort Láirge in 1848. Ba mar bhronntannas fuair se í ó bhuíon ban Francach i bPáras a bhí báúil don ghluaiseacht náisiúnach in Éirinn.
Ina fhocail féin dúirt Meaghar faoin mbratach “Is éard atá i gceist leis an dath bán sa lár cairdine idir Oráiste agus Glas agus tá súil agam go bhféadfaidh lámha Phrotastúnaigh agus Chaitlicigh na hÉireann a bheith fáiscthe le chéile i mbráithreachas flaithiúil laochta faoina fillteacha.”
Bhí an trídhathach ar cheann de na bratacha a bhí ar foluain i rith Sheachtain na Cásca os cionn Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath. Bhí bratach uaine le cláirseach órga ar foluain freisin, chomh maith leis an gCéachta agus na Réaltaí. Bhain an dá thaobh úsáid aisti sa Chogadh Cathartha. Chuir sé seo mearbhall ar na saighdúirí, mar sin bheartaigh an taobh Poblachtánach na litreacha IR a chur ar an mbratach chun idirdhealú a dhéanamh. Tar éis an Chogaidh Chathartha ghlac Saorstát Éireann léi mar bhratach an stáit. Aithnítear í i mBunreacht 1937 na hÉireann mar bhratach na tíre. Sa lá atá inniu ann feictear í ar foluain ag foirgnimh rialtais sna 26 chontae, i reiligí agus ag cluichí CLG ar fud na tíre, agus ar chuaillí solais ó thuaidh agus anois ó dheas. Is siombail í a léiríonn aontacht idir na traidisúin eagsúla in Éirinn, agus ba chóir go mbeadh cách ag baint úsáid aisti agus gan í a fhágáil dóibh siúd atá ag iarraidh leas a bhaint aisti ar mhaithe le deighilt agus fuath.
Ceisteanna buntuisceanna
- Céard iad na dathanna ar an mbratach náisiúnta?
- Scríobh dha phíosa eolais faoin gcéad uair a úsáideadh an bhratach náisiúnta.
- Céard é an siombalachas a bhaineann leis an mbratach?
- Chomh maith leis an trídhathach, cad iad na bratacha eile a bhí ar foluain i rith Sheachtain na Cásca?
- Cá mbíonn an bhratach náisiúnta le feiceáil?
Ceist fhada
Scríobh ar son nó in éadan an rúin díospóireachta “Ní siombail d’fhuath é an trídhathach”.