Clár faisnéise ina dhá chuid ina ndéanfar iniúchadh cumhachtach ar néara-eagsúlacht in Éirinn

Is sraith nua chumhachtach é Néara-Éagsúlacht: Dearcadh Difriúil atá léirithe ag Tyrone Productions a chraolfar ar TG4 Dé Céadaoin an 1 agus an 8 Deireadh Fómhair ag 9.30 pm. Tugtar léargas domhain, macánta sa tsraith ar shaol daoine néara-éagsúla ar fud na tíre in imeacht bliana.

Dírítear sa chéad chlár ar dhaoine óga faoi 18 mbliana, mar aon lena dteaghlaigh, agus caitear súil ar an tslí a dtéann na daoine óga seo i ngleic leis an domhan mórthimpeall orthu, domhan nach mbíonn in oiriúint dóibh i gcónaí. Sa chéad chlár seo déantar plé ar chúrsaí oideachais mar aon leis an tábhacht a bhaineann le diagnóis agus idirghabháil luath a bheidh déanta agus na dúshláin phearsanta agus shóisialta a bhíonn le sárú ag na daoine óga néara-éagsúla seo.

Leantar scéal Fherdia agus a mhuintir sa chéad chlár agus iad ag iarraidh áit scoile a aimsiú sa Ghaelscoil áitiúil don bhuachaill óg uathach seo. Ina theannta sin leantar príomhoide na scoile, Anita Mhic Ghib, fad is a chaitheann sise an bhliain ag iarraidh seomra speisialta a chur ar fáil d’Fherdia agus do pháistí eile uathacha sa cheantar atá ag iarraidh freastal ar Ghaelscoil Nás na Ríogh. Ní hamháin gur príomhoide í Anita ach is bean í freisin a bhfuil páistí néara-éagsúla aici. Buailfimid sa chlár seo le beirt dá páistí, a hiníon Mairéad atá 6 bliana d’aois agus a hiníon Rhian atá ar tí céim a bhaint amach ó Choláiste na Trionóide. Tá diospraicse ar Mhairéad agus tá disléicse ar Rhian.

I nDún na nGall, buailfimid le James atá uathach agus tabharfaimid cuairt ar Caring Capall a dtéann James ann gach seachtain le ham a chaitheamh le Midnight, capall atá thar a bheith tábhachtach dó. Leantar sa chlár freisin scéal Alannah, déagóir ó Bhaile Átha Cliath atá ag streachailt le himní agus ceilt mar thoradh ar a néara-éagsúlacht.

I gCorcaigh tá Traolach ag tabhairt aghaidh ar athrú mór, tosú ar an meánscoil, rud nach bhfuil éasca don déagóir uathach.

Sa dara clár, cuirfimid aithne ar dhaoine sna fichidí, ar nós Cúnla atá tar éis diagnóis a fháil agus, agus Emma a fuair a diagnóis tar éis dá beirt iníonacha diagnóis a fháil. Buailfimid le Emma eile atá ag obair leis an gcomhlacht S.A.P. agus cloisfimid píosa ó S.A.P faoi na buntáistí a bhaineann le daoine néara-éagsúla a fhostú. Roinnfidh Eoghan a scéal linn fad is a théann sé sa tóir ar fhreagraí agus ar dhiagnóis agus é déanach sna tríochaidí. Tabharfar léargas dúinn freisin ar scéal mhuintir Brogan i nDún na nGall, teaghlach ina bhfuil ceathrar páistí fásta uathacha.

Tugtar léargas sa dara clár ar scéalta daoine fásta atá néara-éagsúil agus iad ag tabhairt aghaidh ar chúrsaí fostaíochta agus an troid leanúnach a bhíonn gceist chun tuiscint agus tacaíocht a fháil ón tsochaí. 

Chuir eagraíochtaí ar nós ADHD Ireland, AsIAm, Gateway Mental Health agus an Bluestack Foundation eolas agus tacaíocht luachmhar ar fáil don tsraith seo. An ceoltóir aitheanta Colm Mac an Iomaire a rinne an guthú agus is rannpháirtí sa chlár freisin é an ceoltóir agus craoltóir Fiachna Ó Braonáin. Is iad an síceolaí an Dr Cáit Verling agus an Dochtúir Teaghlaigh an Dr Darach Ó Ciardha a bheidh ina saineolaithe sa dá chlár.

Is léargas tráthúil é Néara-Éagsúlacht: Dearcadh Difriúil ar thábhacht na tuisceana agus na hionchuimsithe i gcás na Néara-Éagsúlachta in Éirinn, agus tugann sé guth os ard do scéalta a mbíonn sé deacair acu cluas a fháil go minic.

Arna léiriú ag Tyrone Productions le tacaíocht ó Choimisiún na Meán agus TG4.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.