Trasna

1.  Comhad ina gcoimeádtar cuimhní ó do bheatha ann (6 agus 7) 
6. Gadaí (4)
9. Cuma na fírinne (10)
10. Gortú (3)
11. _ _ _ _ _ _ do shúile agus feicfidh tú (6)
12. Smachtú (8)
13. Ón aird theas (5)
14. Aíoch, níos _ _ _ _ _ (5)
15. nuair atá créacht ann fásann _ _ _ _ _ _ _ uirthi (7)
18. Bíonn seo á iarraidh ag daoine nach bhfuil a dteach féin acu (6)
20. Fód lasta a úsáidtear mar sholas (6)
21. San áit sin agus ag an am sin: Ar an _ _ _ sin (3)
22. Deacracht nó bac (4)
24. Brac nó coirbéal ag gobadh as balla chun meáchan a iompar (6)
27. Post Simon Harris faoi láthair (8)
29. Léirigh siad (13)
30. Buile (13)
32. Tar éis (3)
34. I gcomparáid le: le _ _ _ _ (4)
37. Cén áit? (2)
38. Na hoileán ABC: _ _ _ _ _ , Bonaire agus Cúrasó (5)
40. Rosc Catha éirí amach 1798: Éire go _ _ _ _ _ (5)
41. Síoraí (7)
42. Gaiste (3)

Síos

1.  Nuair a bhriseann tú an mhuinín atá ag daoine asat, tá seo déanta agat (5, 2 agus 9) 
2. Caite (6)
3. Ceart nó cumas caingean cuairte a thabhairt (Laidin) (5 agus 6)
4. Ball sa scornach chun análú, slogadh agus labhairt (7)
5. Easpa cumais rudaí a chloisteáil (8)
7. Iarann na Gardaí ar thiománaithe séideadh isteach sa mhála seo (10)
8. Ciúbanna le huimhreacha éagsúla ar gach taobh dóibh (5)
14. Scairt (5)
16. Rud nach gcloíonn leis na gnáthrialacha (9)
17. Athair agus mac: Seán mór agus Seán _ _ (2)
19. Uimhir cosúil le 1, 2, 3 etc. (10)
21. Foirnéis chun brící, earraí potaireachta, etc. a thriomú (4)
23. Náisiúntacht Hitler (8)
24. Péacadh, geamhrú nó teacht os cionn talún (8)
25. Beidh _ _ _ _ _ _ ag an bPaorach (2 agus 4)
26. Féar nó arbhar óg (7)
28. Cion agus grá (7)
31. Mharaigh Balor na Súile Nimhe é, ach mharaigh a mhac féin, Lú, Balor (4)
33. Eolas (3)
35. An duine a raibh an grá is mo aici dó: an té _ _ ansa léi (2)
36. Brú chun cinn (2)
39. Trua (2)

Freagraí ar Crosfhocal #47

TRASNA: 1. Fardal 4. Ó hEochaidh 9. Uileloscadh 12. Suaimhneas 13. Arann 14. Rad 15. ETA 16. Cáiteach 17. Náscar 20. Seile 22. Crumhóg 23. Scar 24. Siamsa 25. Áladh 26. Dioc 27. Túis 29. HB 31. Baint 32. Traí 33. Úd 34. Snabóg 36. Saith 37. Bladhm 38. Cnead

SÍOS: 1. Frois frais 2. Rachaidh 3. Athsmaoineamh 5. Clogadán 6. Aiceanta 7. Dódónna 8. Buanseasmhacht 10. Leaba 11. An Chirgeastáin 18. Racaidí 19. Smideadh 21. Eisiúint 22. Crácálaí 28. Sobal 30. Broim 31. Bútán 35. Gad
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.