Ó eisíodh a n-amhrán The Spark, tá an Kabin Crew ag dul ó neart go neart. Is grúpa daoine óga atá lonnaithe i gCnoc na hAoine i dtuaisceart Chathair Chorcaí iad. D’eisigh siad an t-amhrán Is Linne Í níos luaithe i mbliana, agus tá amhrán nua Gaelach eisithe acu.
Chomhoibrigh Kabin Crew leis an ngrúpa Albanach Tinderbox Collective dá n-amhrán nua Meas Mór. Ina n-amhrán nua, tá dhá theanga, Gaeilge agus Gaeilge nah Alban, measctha acu. Ceiliúrann an t-amhrán seo cultúr an dá thír, agus athraíonn sé idir an dá ghrúpa agus iad ag rapáil ina dteanga dhúchais féin ar a seal. Scríobhadh an t-amhrán seo, cruthaithe ag páistí 9-12 bliana d’aois, le linn ocht gceardlann ar líne.
Fuair an togra ceannródaíoch seo tacaíocht ó Colmcille, ar comhpháirtíocht mhaoinithe de Fhoras na Gaeilge é, Fondúireacht Ed Sheeran agus ón togra um inchuimsiú sóisialta trí Ghaeilge Bharr na gCnoc, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.