Gaeilge faoi sholas: oifigigh CLG ag tógáil Misnigh i bPáirc an Chrócaigh

Bhí borradh faoin nGaeilge i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo caite, áit ar tháinig scór oifigeach Gaeilge ó chlubanna CLG ar fud na tíre le chéile chun pleananna a phlé agus spreagadh úr a fháil.

Ní raibh an teanga ar imill an imeachta, ach ag a chroílár. Roinneadh scéalta rathúla ó chlubanna a léirigh go soiléir gur féidir an Ghaeilge a chothú agus a cheiliúradh i ngach ceantar. Thug ionadaithe ó CLG Bhaile Buadáin Naomh Éanna, ó CLG Trá Lí na nGael agus ó Ghlór na nGael léargas ar na céimeanna praiticiúla a thug leo bonn i bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha.

Is comhpháirtíocht idir Glór na nGael agus Cumann Lúthchleas Gael í an fhondúireacht seo, a dhíríonn ar thacaíocht a thabhairt do chlubanna atá ag iarraidh an Ghaeilge a láidriú. Cé go mbíonn an teanga le cloisteáil i bhformhór na gclubanna cheana féin, spreagann an scéim iad chun na hiarrachtaí sin a chur ar bhonn níos struchtúrtha, tomhaiste agus leanúnach.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.