Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Tá cadal ar cheann de na miasa is traidisiúnta i mBaile Átha Cliath, agus tá stair agus cultúr láidir ag baint leis. Tá an mhias simplí ach blasta, agus is minic a bhíonn cuimhní teaghlaigh agus mothú tíriúil ag baint leis. Cé go mb’fhéidir nach bhfuil sé chomh coitianta anois agus a bhí sé uair amháin, tá sé fós le fáil i roinnt tithe tábhairne agus i gcistineacha daoine a bhfuil grá acu don traidisiún.
Is stobhach é cadal a dhéantar de ghnáth le hispíní, bagún muice, prátaí, oinniúin, agus uisce nó brat. Uaireanta cuirtear cairéid leis freisin. Ní bhíonn spíosraí láidre no anlann trom ann. Ina áit sin is é an blas nádúrtha ó na comhábhair atá chun tosaigh. Déantar gach rud a chócaráil le chéile go mall sa phota agus fágtar na blasanna chun meascadh le chéile thar thréimhse fhada.
Tagann an focal “cadal” ón mBéarla “to coddle”, is é sin le rá, bia a chócaráil go mall in uisce nach bhfuil ag fiuchadh go dian. Insítear go raibh sé coitianta i measc an lucht oibre i mBaile Átha Cliath san 18ú agus 19ú haois, mar bheadh na comhábhair sa teach cheana féin agus d’fhéadfaí iad a fhágáil ag cócaireacht fad a bhí daoine ag obair.
Bhíodh sé de nós ag mná tí an cadal a chur sa phota san iarnóin agus é a fhágáil ar an sorn go dtí go dtiocfadh an teaghlach abhaile. Bhí sé te, blasta, agus cothaitheach, foirfe don gheimhreadh fuar. Cé go mbíonn roinnt éagsúlachtaí sa mhias ó theach go teach, is annamh a fheictear trátaí nó pasta ann. Tá an bhéim ar an traidisiún simplí.
Tá cadal luaite fiú i roinnt saothair liteartha. Scríobh Jonathan Swift agus James Joyce faoi, rud a léiríonn an tábhacht a bhí leis i saol laethúil na cathrach.
Sa lá atá inniu ann, tá athbheochan beag ar siúl le cadal. Tá bialanna áirithe ag tabhairt leagan nua-aimseartha den mhias do chustaiméirí, le comhábhair orgánacha, spíosraí breise, nó fiú ispíní veigeatórach. Cé go bhfuil an traidisiún ag athrú, tá an croí an chadail fós beo: compord, simplíocht, agus blas baile.
Ceisteanna buntuisceanna
- Cad iad na príomh-chomhábhair i gcadal?
- Cén fáth a raibh cadal coitianta i mBaile Átha Cliath san am a chuaigh thart?
- Cad is brí leis an bhfocal “to coddle” i mBéarla agus cén bhaint atá aige leis an mias?
- Conas atá an cadal ag athrú sa lá atá inniu ann?
- Luaigh beirt scríbhneoirí cáiliúla a scríobh faoi chadal.