Coimisinéir nua an Gharda Síochána ag tabhairt foláireamh faoin “tslándáil náisiúnta”, ach gann ar fhreagraí

Kerron Ó Luain

Coimisinéir nua an Gharda Síochána Justin Kelly

Coimisinéir nua an Gharda Síochána ag tabhairt foláireamh faoin “tslándáil náisiúnta”, ach gann ar fhreagraí

Tháinig Justin Kelly i gcomharbacht go hoifigiúil ar Drew Harris an tseachtain seo. Ina chéad mhór-phreasócáid, thug Kelly foláireamh “nach labhraíonn Éire a dhóthain” faoin “tslándáil náisiúnta” agus go bhfuil an stát “róréchúiseach” i leith bagairtí domhanda.

Cé gur tharraing an méid a dúirt Kelly aird ar ghnéithe ar nós na míshocrachta geopholaitíochta, “stáit naimhdeacha”, agus teacht chun cinn idé-eolaíochtaí antoisceacha, ba bheag moltaí soiléire a bhí aige chun dul i ngleic leo.

Luaigh Kelly a chúlra san “fhrithsceimhlitheoireacht”, go háirithe an tréimhse a chaith sé san Aonad Speisialta Bleachtaireachta. Ach tá ceist ann an leor é a bheith ag tagairt don am a chuaigh thart nuair atá acmhainní na heagraíochta agus muinín an phobail sna Gardaí faoi bhrú.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.