
“Nuair bhainimse úsáid as focal,” arsa Filimín Failimín agus iarracht de tharcaisne ar a ghuth, “is ionann a bhrí agus an bhrí is mian liom a thabhairt dó – gan dul os a chionn sin ná faoina bhun.”
Sin é mar chuir Nicholas Williams síos ar chiall na bhfocal in Lastall den Scáthlán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi, a aistriúchán ar Through The Looking Glass and What Alice Found There le Lewis Carroll.
Cuireadh sin i gcuimhne dom nuair a chuala mé go raibh Taoiseach an stáit seo, Micheál Martin, i láthair ag cruinniú de ‘chomhghuallíocht na dtoilteanach’ mar a thug siad orthu féin, is é sin na tíortha atá tagtha le chéile le cogadh a bhagairt ar an Rúis agus a gcuid saighdiúirí a chur isteach san Úcráin leis an bhfód a sheasamh ansin.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!