“Cuir gníomh leis na focail” – cainteoirí palaistíneacha ag díriú ar Rialtas na hÉireann

Diarmuid Breatnach

Ag tabhairt aitheantas do ráitis na n-Uasal Martin agus Harris, fuair iriseoir ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus teifeach Palaistíneach bualadh bas mór nuair a d’éiligh siad ar an mbeirt polaiteoirí sin agus ar Rialtas na hÉireann gníomh a chur len a gcuid focal.

In ainneoin aimsir cheathach agus báisteach throm bhí an seomra comhdhála nach mór lán le héisteach leis an dá aoi, Ali Abunimah, stiúrthóir feidhmiúcháin an nuachtáin idirlín Electronic Intifada, agus duine dá gcuid iaririseoirí, Abubaker Abed, teifeach Palaistíneach a raibh “targaid ar a dhroim in Gaza” agus a tháinig go hÉirinn in Aibreán ar scoláireacht iriseoireachta. Nuachtán idirlín is ea Electronic Intifada ina bhfuil ailt scríofa, físeáin agus podchraolta agallaimh le hanailís pholatiúil agus mhíleata gach seachtain. 

Ba iad Feachtas Comhghuaillíochta na hÉireann leis an bPalaistín a d’eagraigh an cruinniú le Betty Purcell mar chathaoirleach agus ba é an ceardchumann FÓRSA a d’áisigh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.