(Ag leanúint ó cuid 1)
Rinneadh cúngú ar mhodhanna beatha na gCasacstánach de bharr choilíniú na Rúise, mar a pléadh an tseachtain seo caite. Ach cén tionchar a bhí ag an bpróiseas seo go díreach ar shochaí na gCasacstánach faoi thús an fhichiú haois?
Ar an gcéad dul síos d’athraigh comhdhéanamh an tréada Chasacstánaigh. Bhí sé de nós ag na Casacstánaigh na tréada a athrú ó am go ham. Bhíodh caora, gabhair agus camaill ann sa samhradh, agus capaill agus eallach dá n-oirfidís. Ach leis na bealaí taistil cúngaithe agus an gcóras Rúiseach ag cur brú ar an gcosmhuintir, ní raibh sé ar chumas na gCasacstánach dul i bhfad ar shiúil. Mar sin, cuireadh tuilleadh eallaigh, ar fearr leo a bheith i ngaireacht do pháirceanna ach nach maith leo dul i bhfad, le tréadaí na treibhe fánaíochta. Léiríonn an taighde gur fhás líon na mba ó fhigiúr an-íseal go thart ar 20% de na tréada i go leor réigiúin. Cuireadh na camaill, a raibh tóir orthu tráth don trádáil agus de bharr a seasmhachta, ar leataobh.
De dheasca nach raibh na fánaithe ag taisteal a thuilleadh, b’éigean dóibh brath ar an bhféar tirim, a fásadh ar thailte príobháideach faoi Reachtaíocht na Steipe. Síneadh amach an cothú geimhridh ar feadh trí mhí bhreise, thit an t-achar taistil, chuaigh na tréada i laige, rinneadh damáiste d’éagsúlacht na dtréad, agus dá bharr sin ar fad thit líon na gclann Casacstánach as cuimse. Le linn an ochtú haois déag, bhí idir 30 agus 50 capall, 100 caora, idir 15 agus 25 bó, agus roinnt camall ag clann shaibhir. Ach faoi dheireadh an naoú haois déag ní raibh fágtha ag a leithéid de chlanna Casacstánacha ach 5 chapall, 10 gcaora agus 6 bhó.
Tharla creimeadh ar na pórtha capaill agus caorach Casacstánacha chomh maith. Tháinig caoirigh dhubha agus capaill Orlov in áit na gcineálacha dúchasacha a bhí ann ar feadh na gcianta. D’athraigh cúrsaí trádála chomh maith. In áit líonraí na gcarbhán fadbhunaithe tháinig ceantálaithe Rúiseacha agus ceardlanna sna bailte chun cinn, go háirithe i mbailte ar nós Semiplantinsk, áit a gcruthaíodh leathar.
D’athraigh na hiarnróid Thras-Sibéaracha agus Orenburg-Tashkent cúrsaí tráchtála go mór chomh maith. Mar a tharla in Éirinn agus i dtíortha eile, úsáideadh an t-iarnród mar bhealach le dul i mbun an choilíneachais eastóscaigh – sé sin go mbaintí acmhainn nádúrtha agus gheilleagrach as tír. Faoi 1908, bhí 400,000 bó agus os cionn 6,000 tonna feoil seolta ón réigiún Semirechye chun na Rúise Eorpaí.
Tháinig dlús ar an saibhreas ag barr na sochaí. Ba chun leasa na bai, dream dúchasach saibhir a bhí mar nasc idir na treibheanna fánaíochta agus na lonnaitheoirí, na hathruithe seo. Is féidir na bai a thuiscint mar aicme comprador (ceannaithe) a chonacthas i gcodanna eile den Áise agus den India, cé gur dream tuaithe seachas uirbeach a bhí sna bai murab ionann agus na compradors mar a thuigtear iad de ghnáth. Cé go raibh an teanga agus cultúr céanna ag na bai le tromlach na gCasacstánach, bhí siad mar idirghabhálaithe le himpireacht na Rúise ar son a leasa eacnamaíochta féin.
Idir 1902 agus 1913 thit an daonra fánaíochta suas le 9%. Rinne na húdaráis nuachóirithe a chuir an Rúis ar an bhfód beag is fiú d’údarás na gclann. Tháinig na teangacha agus cultúir áitiúla faoi bhrú. Bhí scoileanna dátheangacha a bhunaigh an Rúis in áiteanna ar nós Orenburg agus Vernay chun an Rúisis a bhrú ar an gcosmhuintir ag feidhmiú ó na 1850í i leith. Ach threisigh na hathruithe eacnamaíochta an t-iompú teanga ag tús an fhichiú haois. Mar a tharlaíonn i mbeagnach gach cás, tháinig gluaiseachtaí frithbheartaíochta ar nós Alash Orda chun cinn a rinne feachtasaíocht ar son scoileanna Casaicise agus athbheochan chultúrtha.
Rinne an córas caipitlíoch agus impiriúlachas na Rúise athmhúnlú iomlán ar shochaí na Casacstáine le linn na naoú haois déag, rud a threisigh ag tús an fhichiú haois. In áit na fánaíochta tháinig na lonnaíochtaí buana, in áit an phobail tháinig an t-indibhidiúlachas, agus in áit na cothabhála neamhspleáigh tháinig an spleáchas ar an margadh.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.