Ní fhéadfaí gan a thabhairt faoi deara go bhfuil ag teip ar cheannasaíocht an Aontais Eorpaigh i mbeagnach gach réimse ríthábhachtach i láthair na huaire. Baineann an teip seo go mór le ceannasaíocht Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen. Ach ní léi féin amháin ar ndóigh. Sonraítear an teip seo go forleathan i measc bhunaíochtaí na mballstát agus in eagraíochtaí trastíre cosúil le ECAT agus leis na Náisiúin Aontaithe.
Tá sé soiléir go bhfuil an oiread sin géarchéimeanna tromchúiseacha ag teannadh orainn, ar nós ollchogaíocht dhomhanda a fhéadfaidh eascairt ón gcogadh san Úcráin; athrú aeráide de bharr modhanna táirgíochta agus astaíochtaí carbóin; géilleadh an Aontais Eorpaigh do thosaíochtaí na Stát Aontaithe; teip ar an múnla eacnamaíoch nualiobrálach; borradh san Fhaisísteachas i gcroílár an Iarthair; idir eile.